D’éirigh go geal le clúdach TG4 ar Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026 i mBéal Feirste, agus na céadta mílte daoine ag breathnú ar imeachtaí na Fleidhe ar an teilifís agus na milliúin amharc eile á dtaifeadadh ar ardáin dhigiteacha agus shóisialta an chraoltóra.
Mar Chomhpháirtí Meán Oifigiúil na Fleidhe, d’oibrigh TG4 le Comhaltas Ceoltóirí Éireann chun ceol, comórtais agus atmaisféar na féile a thabhairt chuig lucht féachana sa bhaile agus thar lear. Craoladh Fleadh26 beo ar TG4 ar feadh ceithre oíche as a chéile agus tugadh ardán do bhreis agus 400 taibheoir.
De réir fhigiúirí TAM Ireland, shroich an clúdach teilifíse 456,300 duine le linn na gceithre oíche. Ba í oíche Dé hAoine an oíche ba mhó lucht féachana, le meánlucht féachana thart ar 80,000 duine.