Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Sobaldráma ar RTÉ lonnaithe i mBaile na Carraige (4,4)
4. Gníomhartha a dhéanann pobal chun creideamh a chleachtadh (11)
11. Fealsúnaí de chuid na sean-Ghréige (9)
12. An gníomh a bhaineann le rudaí a ghoid ó dhaoine eile (gin) (10)
14. Duine a bhfuil suim aige i seanrudaí luachmhara (11)
15. Focal a chuireann béim ar an bhfocal ‘í’ (3)
16. An áit ar thug Niamh Oisín: ______ na nÓg (3)
17. Slisne (6)
19. Ball éadaigh a dhéantar as olann (7)
20. _____ an obair trí bliana (4)
22. Fearas cócaireachta (5)
24. Macánta nó mánla (7)
28. An chéad uimhir phríomha a thagann roimh an uimhir phríomha 11 (6)
29. Éide a chaitheann manach nó bean rialta (5)
30. Cuma chríochnúil (4)
31 Féach ar leid 52 Trasna: an leagan óg den ainmhí sin (5)
32. Níl sé anseo níos mó, tá sé _______ abhaile (6)
35. Brábús a fhaigheann tú ón mbanc. Is féidir leis a bheith a bheith iolraithe nó simplí (2)
36. _________ mé mo chuid gruaige gach lá nuair a bhí mé óg ach anois is blagadán mé (5)
37. Ábhar sramach (4)
38. Luibh chumhra a úsáidtear sa chócaireacht (5)
39. Giota d’uachtar na talún. Is féidir leat é a sheasamh nó é a bhaint (3)
39. Mothúchán nuair nach bhfuil tú sásta (5)
41. Déanann Dáil Éireann a gcuid oibre de réir ______ na hOibre (4)
42. Fréamh na bhfocal liom, leat, leis, léi, linn, libh agus leo (2)
44. Is uafásach an boladh ó uibheacha ______ (4)
45. Amhránaí Ceanadach a scríobh So Long Marianne, a chéad ainm (7)
47. Troigh mhór thuatach (4)
49. In amhrán Gaelach, ‘Tá ________ álainn, a dtug mé grá dhi’ (6)
51. An mhí a thagann i ndiaidh mhí Lúnasa (4,7)
52. Ainmhí feirme a bhfaightear liamhás uaidh (3)
53. Ball tábhachtach den chorp ina bhfuil leacht searbh a ghlanann an fhuil (2)
54. Amhránaí Ceanadach a scríobh Suzanne, a shloinne (5)
55. Misniúil (5)

Síos

1.  Saghas tobair nádúrtha (6)
2. Sobaldráma ar TG4 lonnaithe i mbaile beag i gContae na Gaillimhe (3,2,3)
3. Bíonn daoine cáiliúla __________ go héasca ag an bpobal (11)
5. An duine a dhéanann na cinntí faoi cad a fhoilseofar sa nuachtán 10)
6. Duine a bhogann ar luas sách mall, ag rith ach ní go tapa (7)
7. Impire na hAetóipe ó 1930 go 1975 (5, 8)
8. Tír ata deighilte idir dhá rialtas agus dhá phríomhchathair: Pyongyang agus Súl (2, 6)
9. Léiríonn clog nó uaireadóir é seo [gin] (3)
10. Clann clainne (7)
13. An áit ina bhfuil an tinteán sa teach (8)
18. Bail an ruda a bhfuil straidhn air (7)
21. Sleá bheag (2)
23. An fear grinn a dhéanann ionadaíocht ar son na bialainne McDonalds (6)
25. Eorna, seagal, etc (6)
26. Giota d’adhmaid nó de ghual atá fágtha sa tine ach é fós te (8)
27. Amhrán de chuid Altan faoi chailleach an airgid (2,2,7,1)
31. Géimneach (9)
33. Lizzie Borden took an _____, and gave her mother forty whacks: an Ghaeilge ar an uirlis (3)
34. Féach ar 55 Trasna. A mhalairt atá i gceist anseo (5)
36. Clampar (6)
37. Cuan bhag den fharraige idir dhá leathinis (6)
38. Níor lig sé dom é a dhéanamh, chuir sé _______ orm ina leith (3)
40. Deir roinnt daoine nach bhfuil mórán éagsúlachta idir seo agus grá (5)
43. Tor beag (5)
46. Uisce beatha nó biotáille eile a dhéanamh (5)
47. Lear mór daoine (4)
48. An uirlis troda is mó a d’úsáid na trodaithe ar son na saoirse i Maigh Eo in 1798 (4)
50. Úsáidtear an chuinneog chun é seo a dhéanamh (2)

Freagraí ar Crosfhocal #94

TRASNA: 1. Aoibhinn 7. Pablo Picasso 8. Muiceoil 11. Daideo 12. Gúna 13. Aighneas 15. Echo 16. Ceartingearach 17. Tosach 19. Úth 20. Múch 22. Camáin 24. Bláthadóir 26. Slatóg 29. Olc 30. Isteach 31. Aibí 32. Steinbeck 34. Ab 37. Coimreofar 39. Aislingeacht 41. Thosaíomar. 

SÍOS: 1. An Mhanchúir 2. Caidreamh 3. Blaiseadh 4. Spleách 5. Uaigneas 6. Bolaíocht 9. Einstein 10. Lus 14.Annamh 17. Tomás de Barra 18. Arnotts 21. Caróg 22. Corcra 23. Crostacht 25. Trasnaigh 27. Galair 28. Fiosrach 33. Eagla 35. Both 36. Bozo 38. Abar 40. Soc
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.