Tuarascálacha nua ar ionaid mheabhairshláinte foilsithe

D’fhoilsigh an Coimisiún Meabhair-Shláinte (MHC) deich dtuarascáil chigireachta nua ar ionaid cheadaithe mheabhairshláinte d’othair chónaithe i gcontaetha an Chláir, na Gaillimhe, Chiarraí agus Bhaile Átha Cliath, agus léiríonn siad leibhéil éagsúla comhlíonta leis na Rialacha, leis na Rialacháin agus leis na Cóid Chleachtais.

I gcúig cinn de na hionaid baineadh amach comhlíonadh iomlán 100% sna cigireachtaí. Ina measc bhí Deer Lodge i gContae Chiarraí, Lois Bridges i mBaile Átha Cliath 13, an National Eating Disorders Recovery Centre i mBaile Átha Cliath 4, Ospidéal Ollscoile Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath 8 agus Aonad Ógánach Willow Grove i mBaile Átha Cliath 8. Bhain Creagh Suite ar Champas Cúram Sláinte Naomh Bríd i gContae na Gaillimhe 97% amach, agus fuair Barda Naomh Aloysius in Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae 88%.

Bhí trí ionad eile idir 70% agus 80% ó thaobh comhlíonta de. Fuair an tAonad Géarshíciatrach in Ospidéal Inse 74%, an Ashlin Centre i mBaile Átha Cliath 73%, agus The Ginesa Centre in Ospidéal Ollscoile Naomh Eoin Dé 71%.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.