Grúpaí Gaeltachta ag éileamh comhairliúchán práinneach ar an Dréacht-Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht

Tá na grúpaí feachtasaíochta Gaeltachta TINTEÁN, BÁNÚ agus Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas comhairliúchán poiblí práinneach a fhógairt maidir leis an Dréacht-Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht. Deir na heagraíochtaí go bhfuil forálacha sa dréacht a d’fhéadfadh dochar suntasach a dhéanamh don Ghaeilge mar theanga phobail agus do na cosaintí atá i bhfeidhm faoi láthair i gceantair Ghaeltachta.

I gcomhráiteas, d’iarr na grúpaí ar an Aire Tithíochta agus ar Aire na Gaeltachta comhairliúchán cuimsitheach a thosú roimh dheireadh mhí Iúil agus cruinniú práinneach a reáchtáil leo chun na hábhair imní a phlé. Dar leo, cé go raibh na treoirlínte seo á bhforbairt le cúig bliana anuas, ní dhearnadh comhairliúchán le pobail na Gaeltachta sular foilsíodh an dréacht.

Áitíonn siad go lagódh na moltaí nua na coinníollacha teanga atá i bhfeidhm faoi láthair i bpleananna forbartha agus i bpleananna ceantair áitiúla. I measc na n-athruithe is mó atá faoi chaibidil tá tréimhse feidhme na gclásal teanga agus na gcoinníollacha maidir le príomháit chónaithe a laghdú ó 15 bliana go 10 mbliana.

De réir na ngrúpaí, d’fhéadfadh tionchar mór a bheith ag na hathruithe ar thithíocht ilaonaid. Luaigh siad mar shampla go bhféadfadh laghdú teacht ar an gcéatadán tithe a bheadh faoi choinníoll teanga i nGaeltacht na nDéise ó 80 faoin gcéad go 37 faoin gcéad, cé go raibh cumas Gaeilge ag 81 faoin gcéad de dhaonra na Gaeltachta sin sa daonáireamh is déanaí.

Tá siad ag iarraidh freisin go bhfanfadh an tréimhse 15 bliana i bhfeidhm do chlásail teanga agus go mbainfí an riail a bhaineann leis an riachtanas sóisialta áitiúil laistigh de gha 3 chiliméadar den láthair atá beartaithe don fhorbairt.

Dúirt urlabhraí TINTEÁN, Maitiú de Hál, go ndéanfadh an dréacht “tuilleadh damáiste” do cheantair Ghaeltachta agus gur gá don Rialtas éisteacht leis na pobail sula gcuirtear na rialacha i bhfeidhm.

Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, John Prendergast, nach bhféadfaí glacadh le ráiteas a lagódh na cosaintí atá i bhfeidhm faoi láthair agus gur cheart bunús láidir sochtheangeolaíoch a bheith faoi na moltaí.

Idir an dá linn, dúirt Donncha Ó hÉallaithe ó BÁNÚ go raibh frustrachas agus díomá ar phobail Ghaeltachta faoin dréacht agus d’iarr sé go gcuirfí na codanna a bhaineann leis an nGaeltacht ar ceal go dtí go mbeadh comhairliúchán poiblí agus measúnú saineolach déanta orthu.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.