Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

8.  Is féidir leis stop a chur le haon togra nó scéim (4,6)
10. Borb (9)
12. ? uaim iad ó d’imigh siad (5)
13. Caoinbhéasacht (12)
14. Tabharfaimid ár bhfocal [go ndéanfaimid é] (11)
16. Ag déanamh cóimheasa idir dhá rud, measann tú an ? eatarthu [gan séimhiú] (8)
19. Cloch chothramach (4)?
22. Duine a úsáideann nó a mhí-úsáideann faisnéis chun dul i bhfeidhm ar an bpobal (9)
26. An comhlacht aibhléise a bunaíodh in Éirinn in 1927 [túslitreacha] (3)
28. Leisce nó mífhonn (7)
29. Bhí mé tinn ach tháinig ? orm tar éis cúpla lá sa leaba (7)
30. An briathar substainteach de ‘Tá’, ‘Beidh’. srl (2)
31. Buí dorcha (4)
32. Fearas (5)
34. Comhlacht a dhéanann carranna san Iodáil (4)
36. Mac do dhearthár (3)
37. Dath a chuirtear i ngruaig atá déanta as duilleoga tirime (5)
38. Comhlacht ón Ísiltír: ceann de na comhlachtaí beorach is mó ar domhan (8)
39. ? sáile, ? lear, ? ceann (4)
40. Mé, agus béim air (4)
42. Leiceann (4)
43. Le chéile: in ? (5)
47. Aontú idir beirt nó idir dhá chomhlacht, srl (7)
48. Tagann sé seo le cáil (3)
49. Críochnaigh [agus snas a chur air] (10)
50. Taifead ar an saol mar a bhí sé (5)

Síos

1.  Tá gach duine ag caint faoin intleacht den saghas seo sa lá atá inniu ann (6)
2. Is gá seo a bheith agat nuair atá rudaí deacair le déanamh (8)
3. Nuair atá na lasracha ag léim sa tine, bíonn seo ann (6)
4. Cuid lárnach de d’fhéiniúlacht (4)
5. Ba chóir go mbeadh seo ort i leith do pheacaí (4)
6. Athrú [gin] (8)
7. Tá daoine ag iarraidh toirmeasc a chur ar an leagan leitreach de seo (6)
8. Greamú le téad nó le slabhra (7)
9. Tréimhse ama (6)
11. Forainm a chuirtear le habairt chun achar áite nó ama a chur in iúl, úd: (4)
15. Rud is féidir a dhéanamh, tá sé ? (10)
17. Slabhra timpeall an mhuiníl (6)
18. Oileán beag amuigh ó Mhachaire Uí Rabhartaigh i dTír Chonaill (4,2,5)
20. Idir tusa agus tusa (8)
21. Bhíodh ceann i mbeagán gach mainistir in Éirinn fadó (11)
23. Daoine a chónaíonn i ndeisceart agus in oirthear na Breataine (9)
24. Ceist a chuirfear nuair atá tú ag iarraidh duine a insint duit faoi rud a tharla (3,1,2,5)
25. Reilig mhór i mBaile Átha Cliath lán de Phoblachtánaigh agus araile (4,5)
27. Méid na ndaoine atá ann [gin] (3)
33. An staid ina bhfuil tú gaolta le duine trí phósadh (9)
35. Cosúil le (8)
41. A lán daoine le chéile (5)
42. Sióg scanrúil (4)
44. Tart ollmhór (4)
45. A chailíní, cuirigí ? málaí ar an mbord le ? dtoil (4)
46. Tabhair cead (3)

Freagraí ar Crosfhocal #90

TRASNA: 4. Agrafóibe 8. Nic 10. Céirseach 12. Bheinn 13. Meathlú 15. Togra 16. Claib 17. Inse 19.  Meilt 20. Leath 21. Cearta 22. Ruaimnigh 25. Nuacht 27. Ionas 28. Cumhrán 29. Ucht 31.  Gad 33. Nós 35. Aos 37. Saolach 38. Harare 39. Úrfhíon 43. Sibh 44. Giorria 45. Luisniúil 47.  Glúin 38. Cliathán 49 Badmantan
SÍOS: 1. Scáthlán 2. Aisghairm 3. Úscach 4. Ach 5. Gheobhainn 6. Aondiachas 7. Inmhe 8. Na hOileáin Chanáracha 9. Crúiteoir 11. Abraham Lincoln 14. Acmhainn 18. Seachrán 23. Amhras 24. Guagach 26. Acra 30. Trasna 31. Ga 32. Dhathaigh 34. Ó Frighil 36. Súfaimid 40. Íon 41. Cill 42. Gorta 43. Sigma 46. Iann
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.