Beidh Port Láirge i gcroílár na gcluichí Gaelacha idirnáisiúnta an tseachtain seo chugainn nuair a reáchtálfar Cluichí Domhanda CLG oneills.com 2026, an t-eagrán is mó riamh den fhéile a thugann foirne ó gach cearn den domhan le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an spórt agus ar an gcultúr Gaelach.
Beidh na cluichí ar siúl idir an 13 agus an 17 Iúil agus glacfaidh 114 foireann páirt iontu, méadú thart ar 20 faoin gcéad ar líon na bhfoirne i gcomparáid leis na Cluichí Domhanda a reáchtáladh i nDoire in 2023. Tiocfaidh thart ar 2,000 imreoir agus ball den lucht tacaíochta go campas Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU) i bPort Láirge, agus beidh ionadaíocht ann ó chlubanna san Eoraip, sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astraláise, san Áise, sa Mheánoirthear, san Afraic agus i Meiriceá Theas.
Seoladh clár na gCluichí go hoifigiúil i bPort Láirge agus bhí uachtaráin CLG, Chumann Peil Ghaelach na mBan, an Chumainn Camógaíochta, Liathróid Láimhe CLG agus Cluiche Corr CLG i láthair, chomh maith le roinnt ambasadóirí spóirt, ina measc Shane Walsh, Dan Morrissey, Saoirse McCarthy, Sarah Donnelly agus Ciana Ní Churraoin.