Beidh seans eile ag Éirinn aisling Chorn an Domhain a bhaint amach

Cóilín Duffy

Theip ar fhoireann sacair ban Phoblacht na hÉireann áit uathoibríoch a bhaint amach i gCorn an Domhain 2027 tar éis dóibh cailleadh 1-0 in éadan na Fraince in Grenoble oíche Dé Máirt. Scóráil Melvine Malard an t-aon chúl den chluiche, cúl den scoth a chinntigh barr an ghrúpa don Fhrainc agus a chuir deireadh le dóchas na hÉireann an áit dhíreach cháilithe a bhaint amach.

Bhí bua de dhíth ar fhoireann Carla Ward chun an grúpa a bhuachan agus ticéad chun na Brasaíle a dhaingniú, ach níor éirigh leo an t-éacht sin a bhaint amach. Mar sin féin, níl deireadh lena n-aislingí i leith Chorn an Domhain. Beidh Éire anois páirteach sna cluichí athimeartha mar cheann de na foirne síolraithe, rud a d’fhéadfadh bealach níos fusa a thabhairt dóibh chuig an gcomórtas.

Beidh an crannchur do na cluichí leathcheannais ar siúl ar an 18 Meitheamh, agus beidh na cluichí sin á n-imirt i mí Dheireadh Fómhair. Má éiríonn le hÉirinn dul chun cinn a dhéanamh, beidh buntáiste baile acu sa dara cluiche den leathcheannais agus sa chluiche ceannais athimeartha freisin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.