Plean náisiúnta ag díriú ar réabhlóid i seirbhísí poiblí Gaeilge

Tá béim nua curtha ar an ngá práinneach atá le seirbhísí poiblí Gaeilge a neartú ar fud an stáit sa chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ón gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge (CCSG), agus an Coimisinéir Teanga, Seamas Ó Concheanainn, ag cur fáilte roimh an obair atá déanta go dtí seo ach ag tabhairt rabhadh go mbeidh ceannaireacht láidir, earcaíocht straitéiseach agus cur i bhfeidhm córasach riachtanach más mian leis an stát cuspóirí Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhaint amach.

Bunaíodh an CCSG i Meitheamh 2022 faoin Acht leasaithe chun Plean Náisiúnta a ullmhú agus chun maoirseacht a dhéanamh ar fheabhsú seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tá ionadaithe ó 11 roinn rialtais agus comhlacht stáit ar an gcoiste faoi chathaoirleacht na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta. Sa ráiteas ón gCathaoirleach sa tuarascáil, leagtar amach gur baineadh ceann de na garspriocanna ba thábhachtaí amach in 2024 nuair a foilsíodh an chéad Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge riamh, creat straitéiseach a bheidh mar threoir don stát maidir le seachadadh córasach seirbhísí Gaeilge sna blianta amach romhainn.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur “ról ceannaireachta” atá ag an gcoiste maidir lena chinntiú go dtiocfaidh “feabhas as cuimse” ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge ar bhonn náisiúnta. Dar leis, tá ceann de na dúshláin is mó fós le sonrú san easpa foirne atá inniúil sa Ghaeilge. Tá sprioc reachtúil anois ann go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís inniúil sa Ghaeilge, ach admhaítear sa tuarascáil go mbeidh pleanáil fórsa saothair chuimsitheach ag teastáil chun an sprioc sin a bhaint amach.

Nocht Suirbhé ar Inniúlacht agus Úsáid na Gaeilge, a rinneadh i measc thart ar 35,000 fostaí poiblí, pictiúr spéisiúil ach dúshlánach. Léirigh leath de na freagróirí gur mhaith leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú nó a úsáid níos minice ina gcuid oibre, rud a léiríonn dea-thoil shuntasach i leith na teanga laistigh den státchóras. Mar sin féin, ní úsáideann ach mionlach beag Gaeilge go rialta mar chuid dá ndualgais laethúla, ag cur béime ar an mbearna idir cumas, muinín agus deiseanna praiticiúla.

I measc na moltaí is suntasaí sa Phlean Náisiúnta tá molchampas nua seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht a fhorbairt, ionaid a chuirfeadh seirbhísí ardchaighdeáin ar fáil trí Ghaeilge agus a d’fhéadfadh a bheith ina shamhail don tír ar fad. Chuir an Coimisinéir Teanga síos air seo mar bheart “thar a bheith riachtanach agus suntasach”.

Tá béim sa tuarascáil freisin ar Chóras na gCaighdeán Teanga, a leagfaidh síos go soiléir na seirbhísí Gaeilge a bheidh le cur ar fáil agus an leibhéal inniúlachta a bheidh riachtanach don fhoireann. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.