Fotheidil Ghaeilge agus Bhéarla ar fáíl anois do Ros na Rún

Tá TG4 ag cur go mór lena chuid gnéithe inrochtaineachta do lucht féachana Ros na Rún trí roghanna nua fotheideal Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil ar an gcraoladh teilifíse agus ar Sheinnteoir TG4 araon. Is céim shuntasach eile é seo i dtreo seirbhís níos cuimsithí agus níos solúbtha a chur ar fáil do lucht féachana na sraithe, sa bhaile agus thar lear.

Faoi na socruithe nua, beidh fotheidil Ghaeilge ar an scáileán ar TG4 gach Máirt agus Déardaoin ag 11.30pm, chomh maith leis an ollchlár Dé Domhnaigh ag 8.30 pm. Beidh fotheidil Bhéarla ar fáil freisin ar na príomhchraoltaí ag 8.30 pm gach Máirt agus Déardaoin, rud a thabharfaidh deis níos fearr do lucht féachana níos leithne taitneamh a bhaint as príomhdhráma Gaeilge na tíre.

Le cúpla mí anuas tá TG4 tar éis cur lena thairiscint dhigiteach freisin trí eipeasóidí nua den tríochadú séasúr de Ros na Rún a chur ar fáil ar Sheinnteoir TG4 gach Luan agus Céadaoin, sula gcraoltar iad ar an teilifís. Tugann sé seo deis don lucht féachana féachaint ar an tsraith ar a rogha am féin, agus fotheidil i nGaeilge nó i mBéarla a roghnú de réir mar is mian leo.

De réir TG4 is cuid lárnach den straitéis leanúnach í seo chun ábhar atá neodrach maidir le hardán a chur ar fáil agus freastal ar riachtanais lucht féachana atá ag athrú i gcónaí. Leis an bhfócas nua seo ar inrochtaineacht agus ar sholúbthacht, tá sé mar aidhm lucht leanúna dílis Ros na Rún a neartú agus lucht féachana nua idirnáisiúnta a mhealladh.

Le tríocha bliain anuas tá Ros na Rún ina bhunchloch de chraoltóireacht na Gaeilge, ag tabhairt scéalta cumhachtacha comhaimseartha agus léiriú barántúil ar shaol pobail Gaeltachta chuig an scáileán. Anois, agus an tsraith ina triochadú séasúr, léiríonn na forbairtí nua seo tiomantas TG4 don nuálaíocht agus do thodhchaí láidir na Gaeilge sna meáin nua-aimseartha.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.