Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Síol blasta i mblaosc a bhfuil cruth cosúil le bád air (8)
4. Ceantar Ceilteach san Eoraip atá faoi riail na Fraince (2,9)
8. Líon ollmhór de rud (7)
9. Bíonn seo riachtanach roimh ré sula nglacann tú le dúshlán d’aon saghas (iolra) (11)
11. Gan cumas cainte (5)
13. Déan dochar do dhuine le scian nó gunna (11)
14. Ceantar in iarthar Mhaigh Eo (6)
15. Páiste (6)
16. Sa bhaile, _____ bailte (3)
17. Daoine, beirt de ghnáth, a atá freagrach as cúrsaí airgid i gcumann nó eagraíocht (9)
23. Rí na laghairteanna i ré na ndineasár (13,3)
26. Duine atá as a mheabhair (5)
27. Fásann sméara ar an tor seo (4)
31. Triail a bhaint as, __________ a dhéanamh (8)
33. An baile is mó i nGaeltacht Chorca Dhuibhne (8,2,5)
34. An áit in abhainn ina dtiteann an t-uisce síos go tapaidh (3)
35. Ceann i ndiaidh cinn: faoi _______ (5)
36. Fíor: níos _______ (4)
37. Capall nó asal óg (8)

Síos

1.  Urlár na mara (9)
2. Gabhann tú seo nuair atá rud míbhéasach déanta agat (10)
3. Áit ina gcuirtear daoine a bhfuil amhras ag na húdaráis fúthu ach nach bhfuil ciontaithe (5,8)
5. Bhí siad ag caint go han-íseal, ní raibh a bhfocal __________ dom (10)
6. Baile saoire cois farraige i gContae Phort Láirge (3,4)
7. An filiméad a úsáidtear i mbolgáin solais (8)
10. Is féidir leis an ainmhí seo, nach bhfuil cosa aige, a bheith nimhneach (7)
12. Rud (teibí) a thugann tú do dhuine chun é a spreagadh (5)
16. Ag dul ________, ag teacht anuas (4)
18. Daoine a dhearann uirlisí nó meaisíní nua (11)
19. Barr agus bun: Uachtar agus __________ (7)
20. Duine a bhfuil fadhb aige labhairt agus na focail a rá gan deacracht (8)
21. Gruamacht nó mothúchán gan áthas (9)
22. An forainm ‘i’ nuair a chuirtear béim air (3)
24. Cumhacht nó ceannas (7)
25. Íomháú a úsáidtear in ospidéil chun féachaint taobh istigh den chorp (7)
28. Cosán nó bealach (ginideach) (5)
29. Clár teilifíse de chuid RTÉ 1 ina bhféachtar siar ar eachtraí conspóideacha in Éirinn (7)
30. Madra (6)
32. An forainm ‘trí’, an tríú pearsa baininscneach (6)

Freagraí ar Crosfhocal #77

TRASNA: 
1. Floscadh 4. Feidhmeanna 10. Othras 11. Tráchtaire 13. Ronaldo 14. Canta 15. Bolaigh 16. Gréine 19. Crón 21. Rannta 22. Barr 23. Maos 26. Bosco 28. Fiannaíocht 29. Rugadh 30. Rinneadh 32. Lánchead 34. Sinsear 36. Daracha 37. Sornóg 38. Clis

SÍOS:
1. Fionnadh 2. Otharcharr 3. Ceannbhán 5. Eocairist 6. Dathacha 7. Muimhnigh 8. Napoléon 9. Graonlannach 12. Slabhra 17. Éamon de Valera 18. Easnamh 19. California 20. Órán Mór 24. Maoineach 25. Athbhliain 26. Birmingham 27. Súgach 31. Achair 33. Cróga 35. Seas
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.