Ceiliúradh spleodrach ar cheol na Gaeilge ag Gradaim NÓS 2026

Tomaí Rua Ó Conghaile
Bunaitheoir NÓS

Is eol dúinn uilig gurb iomaí dúshlán atá roimh phobal na Gaeilge i láthair na huaire: an ghéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht, an mhoill leanúnach ar reachtaíocht teanga ó thuaidh, a dheacra is atá sé Gaelscoil a bhunú agus araile.

Tá réimse amháin áfach ar tobar dóchais den scoth é agus a bhfuil níos mó beochta ann anois ná riamh roimhe: earnáil an cheoil Gaeilge.

Tá traidisiún saibhir amhránaíochta againn ar ndóigh, traidisiún ársa atá beo i gcónaí agus a bhfuil áit lárnach aige i saol agus i bhféilte na nGael ó cheann ceann na bliana.

Le cois an tsean-nóis, tá cainteoirí Gaeilge i ndiaidh a stampa féin a chur ar threochtaí agus ar sheánraí eile ceoil ó thosaigh an Domhan ag racáil i lár an chéid seo caite.

Ó shin i leith tá sraith fhada ceoltóirí agus bannaí comhaimseartha ann: John Beag agus na hAncairí, na Fíréin, Hothouse Flowers, Kíla, Bréag, gan ach beagán acu a lua, atá i ndiaidh cur go mór le cultúr na teanga agus saol na tíre a shaibhriú dá réir.

Mar sin féin níl aon amhras ach go bhfuil borradh as cuimse tagtha ar an earnáil le dornán blianta anuas agus go bhfuil an nuacheol Gaeilge i mbéal an phobail mhóir anois ar bhealach nach raibh cheana.

Bhí an fuinneamh agus an fás sin le feiceáil, agus le cluinstin, go soiléir Dé Sathairn seo caite sa Black Box i mBéal Feirste, áit ar bronnadh Gradaim NÓS 2026.

Is gradaim iad seo a bhunaigh an iris NÓS in 2016 chun aitheantas a thabhairt do cheol comhaimseartha na Gaeilge agus le ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a dhéanann ár mbannaí agus ár gceoltóirí.

De réir mar a tháinig forbairt ar an earnáil le deich mbliana anuas tháinig forbairt ar na Gradaim féin agus anois is naoi nduais a bhronntar ar an oíche.

Dé Sathairn, agus an t-ionad ceoil lán go doras, is ar an traic rap lán buillí agus beochta Ruh Roh, le Rory Sweeney, Ushmush agus Roo Honeychild, a bronnadh Amhrán na Bliana.

Anuraidh cuireadh duais nua Amhrán Dátheagach na Bliana le liosta na ngradam agus is iad Cúán de Búrca agus hhH a thóg an ceann sin abhaile leo i mbliana dá rian rap I Shot a Man in Carna.

I rannóga na n-albam is iad Huartan a bhuaigh Albam na Bliana – Nuacheol as a saothar éachtach den ainm chéanna agus is iad Clann Mhic Ruairí a bhain Albam na Bliana – Amhráin Thraidisiúnta as Siúcra ar Uisce Beatha.

Bhí baill Huartan ar ardán arís níos moille san oíche le glacadh leis an ghradam Banna na Bliana, bua a chuir gliondar ar shlua an Black Box.

Fógairt eile a mheall gártha ón lucht féachana ná Torby, a d’eisigh an t-albam Pork Stew anuraidh, mar Cheoltóir Aonair na Bliana.

Togra nuálach idir an t-amhránaí sean-nóis Nell Ní Chróinín, an léiritheoir Catalónach Marc Fernandez agus an cumadóir Leo Pearson is ea Cushla agus is orthsan a bronnadh Nuatheachtaí na Bliana – Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí.

Bhí iníon Rónáin, Fionnuala, i láthair leis an duais a bhronnadh arís i mbliana agus thapaigh sí an deis Dorn san Aer lua, a bheidh ar siúl i nGaoth Dobhair ag deireadh mhí Mheán Fómhair.

Sa rannóg Ealaín na Bliana is é Tech Duinn, albam Cushla, a tháinig sa chéad áit agus thóg Kneecap Físeán na Bliana leo as Sayōnara, saothar ina bhfuil an t-aisteoir as Derry Girls, Jamie Lee O’Donnell.

Bhí na moltóirí Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail, Ben Ó Faoláin, Edel Ní Churraoin agus Dónall Mac Ruairí ina measc siúd a bhronn na Gradaim, mar aon leis an laoch ceoil Súil Amháin, fear Bloc TG4 Séadna Ó Domhnaill, an tionchaire Eoin P. Ó Murchú agus an dearthóir Elisa Gambicchia, a chruthaigh na píosaí ealaíne lámhdhéanta a fuair na buaiteoirí i mbliana.

Mar aon leis na gradaim féin, bhí scoth an cheoil bheo ar an oíche le Doimnic Mac Giolla Bhríde, Tempest, Eve Belle, Ushmush agus Súil Amháin, agus ag an deireadh uilig chuir Cúán de Búrca, hhH agus Torby clabhsúr caithréimeach leis an oíche lena leagan féin den amhrán chlúiteach Léim Thart.

Tá croí ceolmhar na Gaeilge ag bualadh níos tréine ná riamh agus is mór an t-ardú meanman is féidir lenár gceoltóirí a thabhairt dúinn in am an ghá. Ar aghaidh linn in ard ár gcinn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.