Amhrán na seachtaine: Ding Dong Dederó

Ding dong dederó, buail sin, séid seo!
Ding dong dederó, buail sin, séid seo!
Ding dong dederó, buail sin, séid seo!
D’imigh mo bhean leis an táilliúir aerach.

Ní maith a ním féin tua ná corrán,
Ní maith a ním féin rámhán ná sleán,
Ó d'imigh uaim mo stuaire mná
Le gaige trua gan bhuar, gan sparán.

A bhean úd thíos an bhrollaigh ghléigil,
B'fhearr duit filleadh is na boilg a shéideadh
Ná do ghabha maith féin go bráth a thréigean
Is triall leis an táilliúir ar fud na hÉireann.

Cá bhfuil mo bhuachaill? Buail sin, séid seo!
Cá bhfuil mo neart, is snas mo cheirde?
Cá bhfuil mo radharc? Tá an adharc ar m'éadan
Ó d'éalaigh mo bhean leis an táilliúir aerach.

Ding dong dederó, buail sin, séid seo!
Ding dong dederó, buail sin, séid seo!
D'imigh mo bhean leis an táilliúir aerach.
Is ní thabharfaidh. mo chosa mé ar sodar fad téide.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.