Tugann Carrie Crowley léargas ar an dlúthcheangal atá ag muintir na hÉireann leis an bhfarraige

Beidh clár faisnéise nua dar teideal Sáile á chraoladh ar TG4 Dé Céadaoin an 29 Aibreán ag 9.45 pm, agus tabharfaidh sé léargas pearsanta, fileata agus eolaíoch ar an gceangal domhain idir muintir na hÉireann agus an fharraige. Is í an t-aisteoir Carrie Crowley a threoraíonn an turas seo, agus í ag tabhairt faoin gcósta ó cheann ceann na tíre ar thóir tuisceana ar an mealltacht rúndiamhrach a bhaineann leis an sáile.

Tugann Sáile aghaidh ar cheist atá croílárnach d’fhéiniúlacht chósta na hÉireann: cén fáth a meallann an fharraige daoine arís agus arís eile? Sa chlár casann Crowley le snámhaithe, muireolaithe agus gníomhaithe mara a bhfuil dlúthbhaint acu leis an aigéan. Tosaíonn sí ina contae dúchais, Port Láirge, áit a mbuaileann sí le grúpa ban a théann ag snámh go rialta ar Thrá an Bháid, agus a roinneann a gcuid taithí ar an suaimhneas agus an fuinneamh a fhaigheann siad ón uisce fuar.

Leanann an aistear ar aghaidh go Ros Neamhlach i Dún na nGall, áit a labhraíonn sí leis an muireolaí sóisialta Easkey Britton faoin tionchar dearfach atá ag an bhfarraige ar mheabhairshláinte. Ansin filleann sí ar Chonamara, áit a bhfuil cuimhní óige aici, agus tugann sí cuairt ar Ros Muc chun bualadh leis an mbainteoir feamainne Máirtín Sonny. Ní hamháin sin, ach téann sí ag snámh ar Thrá an Dóilín ar an an gCeathrú Rua i dteannta an ealaíontóra Danny de Bhailís.

Ní bhaineann an clár le háilleacht agus le mothúcháin amháin, áfach. Pléitear ann freisin na dúshláin atá roimh ár bhfarraigí sa lá atá inniu ann. Le blianta beaga anuas tá tonnta teasa mara ag dul i bhfeidhm ar éiceachórais na hÉireann, agus labhraíonn Crowley leis an saineolaí muireolaíochta Gerard McCarthy faoi na hathruithe seo. Ina theannta sin, tugtar léargas cultúrtha ar ról na farraige i saol na ndaoine i Corca Dhuibhne, áit a roinneann an léachtóir béaloidis Aoife Granville a cuid tuairimí ar thionchar na mara ar scéalta agus ar thraidisiúin na háite.

Ag labhairt di faoin tsraith, deir Crowley go bhfuil níos mó ná snámh i gceist leis an nasc atá aici leis an bhfarraige. Dar léi, is “caidreamh agus comaoin” é, agus “comhrá idir corp agus taoide”. Mar sin féin, admhaíonn sí go bhfuil an comhrá sin ag athrú de réir mar atá teocht na farraige ag ardú agus cothromaíocht na mara faoi bhrú.

Le meascán de scéalta pearsanta, léargas eolaíoch agus cultúr Gaelach, is clár suntasach é Sáile a spreagfaidh lucht féachana machnamh a dhéanamh ar an ngaol atá acu féin leis an bhfarraige, agus ar an ngá í a chosaint don todhchaí.

Beidh leagan le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann á chraoladh chomh maith ar an 27 Bealtaine ag 7.30 tráthnóna agus ar fáil ar TG4 agus TG4.ie chomh maith.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.