‘Carghas amach, Cáisc Isteach
An donas amach, an sonas isteach’

Is dócha go bhfuil sé cothrom a rá faoin tráth seo go bhfuil an-chuid againn bréan de bheith ag féachaint ar na huibheacha seacláide ar fad atá mórthimpeall orainn sna siopaí. Seans go bhfuil bailiúchán de na huibheacha céanna cheana féin sa bhaile ag mórán. Cé nách traidisiún ró-ársa é an tseacláid seo ar fad, gan dabht, tá daoine ag bailiú féasta uibheacha don Cháisc le fada an lá, ach gnáthubh a bhíodh í gceist gan dabht. Sa traidisiún bhíodh staonadh an-dáirire bainteach leis an gCarghas agus gan aon phioc den fheoil ná tairgí ainmhí le hithe in aon chor. Bheadh na huibheacha úsáidte suas ag na pancóga ar Mháirt na hInide agus as sin ní théadh daoine in aice leo. Ag teacht níos congaraí don Cháisc, thosnaíodh leanaí, go háirithe, ag bailiú uibheacha do chóisir a bheadh acu leo ar Dhomhnach agus Luan Cásca. In áiteanna áirithe glaoidís ‘an chlúdóg’ ar an mbailiúchán seo.
Is amuigh faoin aer de ghnáth a dheineadh daoine na huibheacha a chócaráil ar thine oscailte. Bhíodh na huibheacha úra a d’fhaightí ar Aoine an Chéasta an-tábhachtach don chlann. Mharcáileadh siad le cros iad agus bhíodh ádh ar leith bainteach leo sin a ithe i dteannta a chéile. Bhraith daoine go raibh leigheas bainteach le hubh Aoine an Chéasta chomh maith. Bhíodh an-chraic bainteach le dearadh agus péintéail na n-uibheacha chomh maith agus uaireanta choimeádtaí na saothair ealaíne seo go Bealtaine agus dheartaí bláthfhleasc don fhéile thábhachtach sin.
‘Aoine an Chéasta, is mór an céasadh bainne a ól’
Ar Aoine an Chéasta, chomh maith le cuid mhaith paidreoireachta a bheith ar bun ag daoine, bhíodh staonadh ar leith bainteach leis an lá agus ní bhacadh daoine le hithe in aon chor uaireanta. Ní bhíodh obair ar bun ag daoine go ginearálta ar an lá agus bhíodh turais go toibreacha beannaithe tábhachtach. Ina theannta sin, lá ab ea go ngearradh daoine a gcuid gruaige agus ingne. I dtraidisiún an lucht taistil glaoitear Aoine an Bhearrtha ar an lá agus tá nós ag daoine fós a ngruaig a fháil bearrtha chomh maith. An lá is ámharaí sa bhliain don chúram!
Siombail idirnáisiúnta atá aitheanta leis an gCháisc is ea an lile, bláth atá ina chomhartha a deirtear ar aiséirí Íosa Críost. Gan dabht aithnítear an tsiombail anseo in Éirinn le hÉirí Amach na Cásca chomh maith, agus caitear é mar chomhartha ómóis air sin fud fad na tíre ar Dhomhnach Cásca. Go hidirnáisiúnta tá paráidí an-choitianta le linn na Cásca a bhaineann le céasadh agus aiséirí Íosa Críost, ach tá ár dtraidisiún féin againn de pharáidí Dhomhnach Cásca anseo in Éirinn ag ceiliúradh an Éirí Amach agus gluaiseachtaí eile náisiúnta. Sna háiteanna go bhfuil na bannaí máirseála fífe agus druma láidir tá an pharáid seo ar cheann de bhuaicphointí na bliana le fada an lá. I nDaingean Uí Chúis i gCiarraí bíonn paráid ag meán lae, agus in áiteanna éagsúla i nDún na nGall bíonn paráidí ar siúl tríd an lá ar fad. Beidh ocáid thar a bheith suimúil ar an gClochán Liath ar Dhomhnach Cásca i mbliana le bannaí fífe agus druma ag déanamh paráide le chéile. Beidh na bannaí ag máirseáil ina gceantair féin tríd an maidin agus tiocfaidh siad ar fad le chéile do pharáid agus comórtais um thráthnóna. Banna dhéag ó na Rosa agus agus sé bhanna dhéag san iomlán a bheidh ann. Níl aon dabht ann ach go mbeidh craic, ceol agus bús ansin!
Nós eile a bhí ann fud fad na tíre ba ea éirí go luath ar Dhomnach Cásca chun éirí na gréine a fheiscint. Deiridís go gcífeá an ghrian ag rince an mhaidin sin go háirithe dá rachfá suas cnoc nó sliabh. An té a chífeadh an ghrian ag rince, comhartha iontach ab ea é agus bheadh bliain ámharach dhearfach acu. Téigh amach luath agus Cáisc Shona!