Tá tionscnamh úr nua trasteorann tar éis maoiniú suntasach dar luach beagnach €84,000 a bhaint amach ó Chlár Maoinithe na nAthraitheoirí de chuid PEACEPLUS. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh nasc idir pobail a neartú trí mheán na Gaeilge. Geallann an togra spreagúil seo beocht úr a chur i gcaidrimh idir pobail agus ról na Gaeilge a threisiú mar dhroichead cumarsáide, cultúir agus comhthuisceana.
Beidh an tionscnamh 15 mhí faoi stiúir Líonra Leitir Ceanainn, i gcomhpháirt le Cairde Dhroim nDamh i gCarn Tóchair agus Cairde Turas in Oirthear Bhéal Feirste, ag tabhairt pobail éagsúla le chéile trí theanga agus cultúr.
Beidh rannpháirtithe sa tionscnamh ó phobail éagsúla, pobail aontachtacha Oirthear Bhéal Feirste, ceantar tuaithe Charn Tóchair agus pobal uirbeach Leitir Ceanainn. Cé go dtagann siad ó chúlraí teanga agus sóisialta éagsúla, roinneann siad dúshlán coitianta, an easpa deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid lasmuigh dá bpobail féin. Trí iad a thabhairt le chéile, tá sé mar aidhm ag an tionscnamh tuiscint níos leithne agus níos cuimsithí ar an teanga a chothú, le foghlaimeoirí, daoine óga agus teaghlaigh páirteach chun caidrimh bhuana a fhorbairt.
Tá clár leathan gníomhaíochtaí beartaithe, lena n-áirítear cuairt ar Bhéal Feirste d’fhoghlaimeoirí fásta le turais chultúrtha agus ceardlanna. Reáchtálfar imeachtaí i gCarn Tóchair le scéalaíocht mar théama, agus gheobhaidh déagóirí oiliúint sna meáin chun gearrscannáin a chruthú. Ina theannta sin, beidh ceardlanna i nGaeltacht Dhún na nGall, lena n-áirítear ranganna, ceol, scéalaíocht agus plé machnamhach ar thaithí na rannpháirtithe. Críochnófar an tionscnamh le hócáid taispeántais i Leitir Ceanainn, ag tabhairt aitheantais don obair chruthaitheach.
Trí dheiseanna a chruthú do chomhrá fíorthábhachtach agus idirghníomhú bríomhar, tá súil ag na páirtithe go gcuirfidh an tionscnamh tuiscint níos leithne ar fáil idir pobail, agus go spreagfaidh sé meas níos doimhne ar an tionchar a bhíonn ag ár dteangacha fréamhaithe ar ár bhféiniúlacht.