Chonaic mé alt le déanaí ag plé ábhar dar teideal bunseirbhísí uilíocha. Chuala go leor daoine faoi bhunioncam uilíoch, sin é go dtabharfaidh an rialtas ioncam rialta do gach saoránach. Le teacht na hintleachta shaorga ginearálta tá géarghá anois le bheith ag obair i dtreo bunioncam uilíoch. Tá samhail de ann maidir leis na healaíontóirí faoi láthair sna 26 contae. Dar ndóigh níl sé uilíoch. Ach ní dóigh liom gur chuala mórán daoine faoi bhunseirbhísí uilíocha.
Is éard atá i gceist le bunseirbhísí uilíocha ná go gcuirfidh an rialtas seirbhísí tábhachtacha ar fáil saor in aisce, ach gurb é do cháin a bheadh ag íoc as, do gach saoránach. Mar shampla, seirbhísí sláinte saor in aisce mar a bhí i gceist leis an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte sa Ríocht Aontaithe. Cá bhfuil Sláintecare? Iompar poiblí a chur ar fáil saor in aisce, mar atá á mholadh ag go leor stát faoi láthair agus an ghéarchéim bhreosla ag teacht agus atá á thabhairt do shaoránaigh thar 70. Oideachas saor in aisce a chur ar fáil. Tá sin á dhéanamh ón réamhscoil go dtí an dara leibhéal. Bhíodh sé á chur ar fáil don tríú leibhéal, ach cuireadh deireadh leis sin sa ghéarchéim eacnamaíochta in 2008. Tá uisce agus sláintíocht á gcur ar fáil saor in aisce, cé go ndearna rialtas na 26 chontae a sheacht ndícheall táille a chur air. Teilifís saor in aisce, tá sin ar fáil dóibh siúd thar 65, ach ba chóir go mbeadh sé ar fáil do gach aon duine. Tá ionadaíocht dhlíthiúil ar fáil saor in aisce má iarrtar é. Smaoineamh eile ná an t-idirlíon a chur ar fáil do gach saoránach. Bia a chur ar fáil saor in aisce do gach saoránach. Ceann eile, is maith a fheiceáil go bhfuil béilí curtha ar fáil do dhaltaí sna scoileanna anois, smaoineamh a tháinig an chéad lá ó na Pantair Dhubha. Chomh maith leis sin ba chóir leictreachas agus teas a chur ar fáil saor in aisce, go háirithe nuair atá an praghas leictreachais sna 26 contae ar na praghsanna is airde san Eoraip. Tá deis mhór á chailliúint ag an rialtas gach lá mar tá an méid is mó fuinnimh gaoithe ar domhan ar fáil againn agus níl na tuirbíní gaoithe á dtógáil. Tá tithíocht san áireamh chomh maith ach bheadh ar an rialtas a bheith i bhfad níos eagraithe chun é sin a bhaint amach agus gan bheith ag fágáil gach rud ag an margadh. Luaitear freisin gur chóir seirbhísí bainc a chur ar fáil saor in aisce. In 2017 rinne Coláiste Ollscoile Londain tuairisc ar an ábhar agus leag siad na costais bhreise a bheadh ar Westminster a íoc. Deir siad gur thart ar £42 billiún a chosnóidh sé don Ríocht Aontaithe é a chur i bhfeidhm, le daonra 10 n-oiread níos lú sna 26 contae ná an Ríocht Aontaithe b’fhéidir go mbeadh ar an rialtas thart ar €5 bhilliún sa bhreis a chaitheamh air.
Bheinn i bhfabhar chomh maith bunioncam rialta ar a bharr ar sin. Chuideodh na gníomhaíochtaí seo le strus a bhaint ón bpobal agus iad ag iarraidh íoc as na seirbhísí. Is feachtas é ba chóir a bhrú don chéad olltoghchán eile.