Cumann Seandálaíochta agus Staire na hIarmhí  

Nuala Holloway

Scaip ceo na maidne trasna na bpáirceanna  glasa i lár na tire agus bláthanna bána an draighin  le feiceáil tríd an gceo agus mé ag tiomáint ar mo thuras go dtí an Muileann  gCearr an deireadh seachtaine seo caite. Is  áit stairiúil an baile seo a théann síar go Naomh Colmán mac Luacháin as Lann, manach sa seachtú haois a bhí ina chónaí ansin. Is ó mhuileann a luaitear i seanscéal faoin naomh a thagann an t-ainm Muileann gCearr. 

Ach cén fáth go raibh mé ann?

Bhíos ag freastal ar lá speisialta de Chumann Seandálaíochta agus Staire na hIarmhí. Ba é an teideal a bhí ar an lá ná Scríbhneoirí na hIarmhí – na staraithe a mhúnlaigh féiniúlacht an chontae.

Bhí na léachtaí ar siul in óstán Greville Arms. Tá baint ag an óstan galánta seo le James Joyce mar thug sé cuairt anseo sa bhliain in 1900 nó 01. Aithnítear an t-óstán ina shaothar litríochta inniu.

Tagann daoine ó gach cearn den chontae chuig na léachtaí. Ba mhór an onóir dom a bheith ann i measc daoine a chuir faoinár mbráid an tsuim agus an t-eolas atá acu faoina gcontae féin. Ach an rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm ná go raibh na léachtaí dírithe  ar shaol agus saothar na ngnáthdaoine atá imithe ar shlí na fírinne le blianta beaga anuas. Mar shampla, bhí go leor le rá ag staraí áitiúil, Ciara O’Hara, faoi bhean ó Chill Bheagáin, Kitty Flynn.

Bhain Kitty céim amach i Léann an Phobail agus an Teaghlaigh ó Ollscoil na Gaillimhe in 2014 agus í ocht mbliana is ochtó d’aois. Fuair sí bualadh bos mór as an éacht seo ó gach duine a bhí i láthair ar an lá sin. Ag labhairt leis an nuachtan áitiúil mhol sí an chomharsanacht iontach a chuir an ‘comhtháthú sóisialta’ ar fáil agus a bhí riachtanach do phobal láidir. Bhí go leor talanna eile aici agus d’fhan sí ina ball gníomhach dá pobal go dtí a bás anuraidh ag naoi mbliana is nócha.

Bhí an Dochtúir Anne Byrne, an tOllamh Emirita san Eolaíocht Pholaitiúil agus Socheolaíocht n ollscoil na Gaillimhe, ag caint faoi bhean álainn, Vera Hughes, a chaith an chuid is mó dá saol i Móta Gráinne Óige. Tháinig sí ó Shligeach in 1956 mar mhúinteoir scoile. Mhúin sí Gaeilge agus Fraincis. Phós sí agus ina dhiaidh sin ní raibh cead aici a bheith ag obair mar gheall ar an toirmeasc pósta ag an am seo. Scríobh Vera leabhar dar teideal The Years Between in 2007 faoi na daoine atá ina gcónaí sa bhaile agus sa cheantar máguaird. Chomh maith leis sin scríobh sí leabhar dar teideal The Strange story of Sarah Kelly.

Bean Shasanach ó chúlra umhal ab ea í Sarah Kelly. Chas sí le dlíodóir agus  uinéir maoine saibhir Éireannach. Tar éis a bháis fuair sí an chuid is mó dá shaibhreas. Tuairiscíodh gur chaith sí go dona lena tionóntaí agus gur maraíodh í da bharr. Tharla an dúnmharú seo i lár na naoú haois déag. Is mór an moladh a fuair Vera as a taighde mionchruinn nuair a tháinig an leabhar amach in 1988. Is minic a scríobh Vera litreacha chuig The Irish Times faoi chúrsaí a bhí ag cur isteach uirthi. Níor sheachain sí riamh a cáineadh. Fuair sí bás in 2023.

Thug Ruth Ilingworth léacht an-suimiúil ar dhuine de na healaíontóirí is mó riamh a tháinig amach as an Muileann gCearr. Staraí áitiúil is ea Ruth ina bhfuil eolas as cuimse aici ar a baile féin.  Leo Daly, scríbhneoir, file, grianghrafadóir, drámadoir agus craoltóir atá i gceist anseo. Ba mhór an rannpháirtíocht a bhí aige i saol liteartha agus cultúrtha an Mhuilinn Chearr. Scríobh sé roinnt drámaí a léiríodh go forleathan. Ba scoláire é ar James Joyce agus scríobh sé an leabhar, Joyce and the Mullingar Connection. Bhí féith an ghrinn aige. Bhain sé taitneamh ag insint scéalta greannmhara, mar shampla, nuair a chuir fear áirithe ceist air, ‘Cén fáth ar thug sé an fear salach sin go dtí an Muileann gCearr? Chaith sé tamall ar Oileáin Árann agus scríobh sé cúpla leabhar faoin áit sin. Fuair Leo bás in 2010.  Tá busta cré-umha i leabharlann an Mhuilinn Chearr ag comóradh an fhir uasail chruthanta seo.

Thug John Sheehan, léachtóir sinsearach sa tSeandálaíocht in Ollscoil na hOllscoile, Corcaigh,  léacht ar a athair, Jeremiah. Thug John cuntas ar a shaol le scéalta greannmhara ó laethanta a óige. Tháinig Jeremiah ó Iarthar Chorcaí go Móta sna caogaidí agus phós sé bean álainn áitíuil. D’oibrigh sé mar theagascóir talmhaíochta. Thrasnaigh sé gach sreang dheilgneach agus gach fál balla timpeall ar fheirmeacha máguaird. Chuir se aithne ar an tírdhreach, ar na séadchomharthaí agus ar an stair a bhaineann leo. As an eolas sin bhí sé abálta a lán leabhar a scríobh, ag tosú le South Westmeath – Farm and Folk. Bhí baint aige le go leor imeachtaí liteartha agus sóisialta agus chuidigh sé le Cumann Staire an Mhóta a bhunú, atá fós ag feidhmiú. Fear ildánach a bhí ann gan aon agó. Fuair sé bás in 1996. 

Bhí léachtóirí eile ag freastal ar an ócáid seo agus ba mhór a bhí le rá acu. Daoine ardéirimiúla uaillmhianacha iad go léir. Bhí an Dochtúir Harman Murtagh ann, a bhfuil clú agus cáil air. Tá a lán leabhar scríofa aige faoi stair a bhaineann le Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí. Bhí an Doctúir Nollaig Ó Muraile ag díriú isteach ar Phól Breathnach agus a leabhar Logainmneacha na hIarmhí.  Bhí Paul Gosling ón Ghaillimh ann. Thug sé léacht iontach maith faoin Táin Bó Cuailnge.

Caithfidh mé a admháil gur lá iontach speisialta an lá seo, an 28 Márta 2026.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.