Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna
1. Cosantóir (9)
5. Príomhbhaile Chontae Lú (3,7)
10. Uachtar reoite ar choirceog agus calóg de sheacláid greamaithe ann (5,1,4)
11. An t-iomramh is déanaí chun na Gealaí as Gaeilge (8)
13. Uachtarán Ard-Chomhairle Shaorstát Éireann le linn an Chogaidh Chathartha.(3,7)
14. Feicim nó tugaim faoi deara (5)
15. Sé pingine sa seanairgead (4)
16. An sliabh is airde san Afraic (11)
18. Na socruithe atá i bhfeidhm chun rud a dhéanamh nó seirbhís a chur ar fáil (5)
19. Duine ón gcontae ina bhfuil Ráth Domhnaigh agus Darú (9)
20. Nuair a chuirtear deireadh le saol duine, tá an duine sin ________ (aidiacht bhriathartha) (8)
23. Daoine a fhaigheann bia ón bhfarraige (8)
25. Thit an buidéal ar an urlár agus bhí an ghloine mar seo (9)
27. Snáithe gruaige (4)
29. Aonad airgid ar fiú aon chéadú de euro (4)
30. Ag an am seo (5)
31. Ceangailte (7)
33. Bealach nó bóthar ardaithe (6)
34. Bolgán ar an gcraiceann lán d’uisce, pianmhar má phléasctar é (4)
35. Uirlis ina bhfuil poill bheaga bhídeacha a úsáidtear chun rud a ghlanadh (8)
36. Bíonn na baill sin ag madraí seachas lámha (5)
37. Tanaí (5)
Síos
1. Duine a thugann cabhair do dhuine eile, go mórmhór agus iad i mbun oibre (7)
2. Díreach in aice le duine, aghaidh ar haghaidh leis (2,7)
3. Cnapán faoin gcraiceann atá lán d’angadh (8)
4. Earraí nó rudaí is féidir leat iad a bhogadh, tá siad mar seo (11)
6. Daoine a scríobhann leabhair (5)
7. Seo iad na criáin, ________ na pictiúir isteach le chéile, arsa an múinteoir (9)
8. Ré i stair an domhain nuair a bhaintí úsáid as miotal níos láidre ná an cré-umha (2,10)
9. Daoine atá ag déanamh rudaí i gcónaí bíonn siad mar seo (9)
12. An chuid den chompás a bhogann timpeall agus a léiríonn an tuaisceart, an t-oirthear, etc (15)
16. Banna ceoil Éireannach, deartháireacha Uí Shnodaigh (4)
17. Breallán, duine nach bhfuil slachtmhar (13)
18. Daoine atá in ann rudaí a dhéanamh tá siad mar seo (8)
21. Duine a scarann cuid de rud idir daoine (10)
22. Feithicil atá an-úsáideach ar an bhfeirm (9)
24. Rud a dhéanamh cothrom (9)
26. Curach i gCiarraí (8)
28. Bata (7)
32. Duine a thugann teachtaireachtaí ó dhuine go duine eile (6)
34. Sraith de shúilíní beaga ar bharr leachta (3)
Freagraí ar Crosfhocal #75
TRASNA: 1. Seachnaím 4. D’íosfaimis 9. Thógadh 11. Chaithfí 13. Mhínigh 15. Óltaí 16. Arsa 17. Teith 19. Ídíonn 20. Ceil 22. Tabhair 27. Inis 28. Meastar 29. Dhearna 30. Guím 32. Fhadú 34. Deir 35. Lastaí 36. Aistriú
SÍOS: 1. Sleamhnóimid 2. Aithníonn 3. Nígí 4. D’fhástaí 5. Osclaígí 6. Féachaint 7. Iata 8. Suímis 10. Dún 12. Baileoidh 14. Gheobhaidís 18. Thaispeánadar 21. Láimhsiú 22. Tosóimid 23. Ramhraíonn 24. Chasadar 25. Cothú 26. Scriosfar 30. Ghéill 31. Sheas 33. Aibiú