Is cosúil go bhfuil £13m caite go dtí deireadh mhí an Mhárta san fhiosrúchán

Tá £11.1 milliún caite ar an fhiosrúchán a bhaineann le buama na hÓmaí go dtí deireadh mhí na Nollag anuraidh. Tá tromlach an airgid sin, £9 milliún, caite ar chostais dhlíthiúla.
Thosaigh obair ar an fhiosrúchán dhá bhliain ó shin, agus tháinig sé chun solais go mbeidh moill sé mhí ar na héisteachtaí poiblí.
Caitheadh méid suntasach airgid, níos mó ná £400,000, ar theicneolaíocht faisnéise. Is cosúil go gcuirfidh sé seo áiseanna úra ar fáil le hamharc ar ábhar a bhaineann le slándáil náisiúnta. Táthar ag súil go mbeidh na háiseanna seo i bhfeidhm ag deireadh mhí Aibreáin.
Tharraing an príomhabhcóide san fhiosrúchán, Paul Greaney KC, aird ar fhadhbanna a bhain le breathnú ar ábhair. Nocht sé nach rabhthas in ann amharc ar an ábhar ach trí theirminéal speisialta a bhí nasctha le líonra sábháilte.
De réir Greaney ní bheidh deireadh curtha le háis chun na teirminéil seo a stóráil go dtí deireadh mhí Aibreán, agus nach mbeidh an bonneagar teicneolaíochta faisnéise curtha isteach go dtí ina dhiaidh sin.
Dúirt Greaney nach scéal sásúil é agus go bhfuil céimeanna glactha ag an fhiosrúchán lena chinntiú gur féidir leo an t-am atá caillte a fháil ar ais.
‘Is maith is eol d’fhoireann dlí an fhiosrúcháin cé chomh díomách agus atá sé seo do chuid mhór dhaoine,’ a dúirt Greaney.
Chuir rialtas na Ríochta Aontaithe tús leis an fhiosrúchán in 2024 chun measúnú a dhéanamh an raibh seans réasúnta ag údaráis stáit na Ríochta Aontaithe stop a chur leis an bhuama.
Tharla buama na hÓmaí ar an 15 Lúnasa 1998. Mharaigh an Fíor-IRA 29 duine sa bhuama.
Tá reachtaíocht á chur tríd i dTithe an Oireachtais faoi láthair a ligfidh do bhaill reatha nó iar-bhaill den Gharda Síochána, arm na hÉireann, an státseirbhís nó an rialtas páirt a ghlacadh san fhiosrúchán.
Tháinig an reachtaíocht seo chun tosaigh de bharr iarratas ó chathoirleach an fhiosrúcháin.