Is iomaí uair gur chualathas i léamh liobrálach na staire, “gurb ionann an stair ar fad”. Is é sin le rá go bhfuil an luach céanna ag insint staire amháin agus atá ag insint staire eile. Dár ndóigh, is truflais é an ráiteas sin. Mar is eol dúinn bíonn insintí éagsúla na staire in adharca lena chéile. Cuir i gcás insint stair na hÉireann atá bunaithe ar cheart fhlaitheas na náisiúin agus an insint athbhreithnitheach fhrithnáisiúnach a dhéanann beag is fiú den cheart sin.
Sampla eile den chur chuige liobrálach seo i leith na staire ná i gcás thírdhreach ár gcathracha agus bailte, áit a bhfuil ainmneacha, deilbheanna agus siombailí an choilínithe fós le feiceáil. Maíonn na liobrálaithe gur “cuid den stair” iad na rianta seo ó ré na himpireachta. Agus, dá bharr sin, maítear gur gá iad “a chaomhnú inár dtírdhreach”. Ach tá feidhm agus cumhacht shíceolaíoch áirithe ag siombailí, ainmneacha, comharthaí, agus logainmneacha. Mar is eol do Ghaeil, tá cumhacht an Bhéarla le sonrú sa ghibiris ghalldaithe dár logainmneacha Gaelacha fud fad na tíre. Tá cumhacht áirithe le sonrú chomh maith sna sráideanna agus bóithre a bhfuil ainmneacha chlanna ríoga Shasana orthu go fóill.
Seans nach dtugann formhór na ndaoine mórán airde ar na siombailí seo. N’fheadar an gcothaíonn nó nach gcothaíonn siad meon Seoiníneach. Níor deineadh taighde soch-shíceolaíochta ar an gceist riamh, go bhfios dom. Ach, níos mó ná aon rud eile, is léiriú iad ar an díchoilíniú nach ndeachthas fada go leor leis. Tá impleachtaí na heaspa díchoilínithe seo le sonrú mar a luaigh mé sna hainmneacha Béarla atá in áit ár logainmneacha ársa, in easpa físe fadradharcaí an stáit i leith na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa chóras oideachais, in úinéireacht talún atá go fóill faoi smacht tiarnaí talún coilíneacha, cuir i gcás Lios Mór agus Diúc Devonshire, agus sa chóras caipitlíoch coilíneach nár briseadh leis tar éis bhunú an tSaorstáit.
Is sa chomhthéacs seo a chuaigh Misneach agus Liú na Laoi i mbun gníomh díchoilínithe i gCorcaigh le linn dheireadh seachtaine na Cásca. Tá an chathair breac le comharthaí sráide a thugann ómós d’Impireacht Shasana. Cé go ndeir muintir Chorcaí gur “reibiliúnaigh” iad, tugtar ómós do chlann ríoga Shasana ina dtírdhreach go fóill. Níl Baile Átha Cliath gan locht sa mhéid seo, dár ndóigh. Agus chuaigh Misneach i mbun gníomh den sórt céanna ann in 2024. An babhta seo i gCorcaigh mhol Misneach agus Liú na Laoi gur chóir laochra Gael agus poblachtacha a chur in áit ainmneacha an choilínithe. Mar sin, d’athraíomar trí chomhartha i lár na cathrach.
Is ainm é Union Quay a léiríonn an scrios cultúrtha: tugtar ómós d’Acht an Aontais 1801. Reachtaíocht é seo a fuair réidh le parlaimint na hÉireann i ndiaidh Éirí Amach 1798. Mhaígh lucht cumhachta Shasana go gcruthófaí “aontacht”. Ach i ndáiríre is tuilleadh den chur faoi chois a bhí i gceist. Déanann ainm na céibhe comóradh ar an imeallú bunreachtúil. Ní léiriú é an t-ainm ar na daoine a mhair, a d’oibrigh nó a labhair sa cheantar sin é.
Mar sin, athraíodh ainm na céibhe go Cé Phádraig Uí Chuanacháin. Chaith Ó Cuanacháin, a rugadh i gCorcaigh in 1932, a shaol i mbun oibre i gcoinne thoradh an impiriúlachais. Ba dhíograiseoir Gaeilge é, a rinne feachtasaíocht ar a son i gcúlseomraí, seomraí boird agus ar na sráideanna. Cuireadh i ngéibheann é sa Churrach in 1956 de bharr a sheasaimh phoblachtaigh, agus chaith sé seal sa phríosún arís sna 1970í. Nuair a scaoileadh saor é chinn sé ar an nGaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus a chur i lár an aonaigh i ngeilleagar na cathrach agus an chontae. Chuir sé an chomharthaíocht dhátheangach chun cinn go mór mór agus bhí lámh aige i mbunú Gaelscoileanna ar fud Chúige Mumhan. Rinne sé athréimniú ar an nglór a rinne Acht an Aontais iarracht a chur faoi chois.