
Táimid ag maireachtáil tráth atá ag éirí níos measa ó thaobh déine de, tráth go bhfuil gearradh siar ann ar leas sóisialta le híoc as méadú caiteachais ar airm chogaidh, tráth go bhfuil costas maireachtála ag dul in olcas, tráth go bhfuiltear ag teip ar rialtais ar fud na hEorpa ina gcuid iarrachtaí le géarchéimeanna sa tithíocht, sa tsláinte agus sa tslándáil eacnamaíochta a réiteach.
Ach cá bhfuil an clé? An fórsa a d’eagraigh lucht oibre tráth chun athrú a éileamh, an forsa a chosain na bochtáin agus a thug dúshlán don aicme rialaithe.
Níl ann anois ach scáth lag ann de féin. Ar fud na hEorpa ní hiad na páirtithe sóisialacha daonlathacha a thugann an dúshlán ach fórsaí nua gránna a dtugaimid an eite dheis i bhfad amach orthu.
Ar dtús ba é an clé an fórsa a throid ar son an athraithe, ar son comhcheart, ar son leas na aicme oibre. Throid sé chun an córas a bhriseadh. Ach, de réir a chéile, ghéill sé don domhandú. Tháinig díspeagadh air i leith an daonlathais náisiúnta. Ní raibh spéis aige sna seantroideanna faoi phá, coinníollacha oibre agus eile.