Briseann long Rúiseach trí imshuí Chúba

Cathal Ó Murchú

Dé Luain seo caite tháinig long Rúiseach, taincéar ola faoi bhratach na Ruise darb ainm Anatoly Korobkin, i dtír i gcalafort Matanzas i gCúba le 100,000 tonna d’ola, ag sárú imshuí Meiriceánach atá ar Oileán Chúba ar feadh blianta fada. Ó lár mhí Eanáir sheol an taincéar ó chríochphort amhola i gCalafort Primorsk in aice le Cathair Pheadair sa Rúis ar aistear fada trasna an Aigéin Atlantaigh go Cúba. Tógfaidh sé idir 25 go 35 lá chun an amhola a scagadh agus í a dháileadh ar fud na tíre.

Stadadh soláthar ola Chúba ó Veiniséala tar éis don Uachtarán Trump ruathar míleata a ordú chun uachtarán na tíre sin, Nicolás Maduro, a fhuadach ar an 3 Eanáir. Cuireadh iallach ar Rialtas Veiniséala gan a thuilleadh ola a sheoladh go Cúba as sin ar aghaidh. Ón naoíú lá den mhí sin, rinne rialtas Trump géarú ar an imshuí sin sa chaoi nach raibh aon soláthairtí ceadaithe go Cúba, agus chothaigh sé seo géarchéim fuinnimh sa tír sin maraon le hacmhainní riachtanacha eile do bheatha tíre, soláthairtí daonna agus leighis fiú.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.