Caoimhín Ó Cadhla

Conair na Coirre Léithe

Thóg na Ceiltigh bóithre san Eoraip roimh na Rómhánaigh

An raibh a fhios agat gur thóg na Ceiltigh bóithre san Eoraip roimh na Rómhánaigh? Deir roinnt scoláirí gur na Rómhánaigh a thóg na chéad bhóithre san Eoraip ach níl sé sin fíor.  D’fhoghlaim na Rómhánaigh conas bóithre a thógáil ó na Ceiltigh agus chuir siad leo. Go deimhin bhí cuid mhaith de na bóithre a thóg na Rómhánaigh tógtha ar na bóithre Ceilteacha sin. Bhí na Ceiltigh lonnaithe ó Éirinn go dtí an Tuirc, mar sin bhí gá le bóithre chun taisteal thar achar fada. Tógadh na bóithre idir na lonnaíochtaí Ceilteacha. Tá sé dearbhaithe na seandálaithe go raibh go leor trádála á déanamh ar na bóithre sin. 

Ciall leis an bhfocal ‘bóthar’

Tagann an focal ‘bóthar’ ó dhá fhocal ‘bó’ agus ‘thar’. Ciallaíonn ‘thar’ sa chás seo ‘slí’.  Mar sin is slí a bhí ann chun na beithígh a thógáil ó áit amháin go háit eile. An fáth ar roghnaíodh bó seachas capall don ainm ná gur breathnaíodh ar na beithígh mar shaibhreas do na Gaeil.

Na chúig shlí

Go traidisiúnta bhí cúig shlí nó príomhbhóthar in Éirinn. Is iad na hainmneacha a bhí ar na bóithre sin ná ná Slí Mhór, Slí Mhidhluachra, Slí Chualann, Slí Asail agus Slí Dhála. Tháinig gach bóthar ó Theamhair na Rí de réir an bhéaloidis. Chuaigh Slí Mhór trí Chluain Mhic Nóis, Baile Átha Luain agus ansin ar aghaidh go Droichead an Chláirín. Chuaigh Slí Mhidhluachra trí Dhún Dealgan, Eamhain Mhacha, ó thuaidh go Doire agus ar aghaidh go hAileach, chuaigh Slí Chualann trí Shléibhte Chill Mhantáin agus ar aghaidh go Port Láirge. Chuaigh Slí Asail go Ráth Chruachan trí Thailtin, agus chuaigh Slí Dhála trí Luimneach agus ar aghaidh go Tairbeart. Bhí na slite seo mór a dhóthain chun ligean do dhá charbad dul thar a chéile. Ceapann scoláirí inniu gur ó Bhaile Áth Cliath a tháinig na cúig bhóthar seachas Teamhair na Rí. Tá slí amháin acu atá in úsáid sa lá atá inniu ann, is é sin Slí Chualann nua, atá ina chosán trí Shléibhte Bhaile Átha Cliath agus Sléibhte Chill Mhantáin.

Conair na Coirre Léithe

Tagann ciall ‘slí’ ó chrann a leagan nó a ghearradh. Tagraíonn seo don am a raibh coillte i ngach áit in Éirinn. D’úsáidtí crainn a leagadh chun an bóthar féin sin a thógáil. Tá sampla de bhóthar adhmaid faighte ag seandálaithe in 1985 i bportach na Coirre Léithe i gContae Longfoirt. De réir na seandálaithe tá an bóthar adhmaid sin níos mó ná 2,000 bliain d’aois. Thart ar 148 bliain roimh Chríost a thóg na Gaeil é! De bhrí gur faoi phortach a bhí sé mhair an t-adhmad go dtí an lá atá inniu ann. Cé gur thángthas ar bhóithre adhmaid eile san Ísiltír, sa Ghearmáin agus in áiteanna eile a tógadh thart ar an am céanna, níl na bóithre sin chomh mór ná chomh trom le Conair na Coirre Léithe. Is dair a úsáideadh chun Conair na Coirre Léithe a thógáil, agus leagadh na céadta crann lena aghaidh.

Conclúid

Caithfidh mé a rá go bhfuil ainm na slite sin níos fearr ná ainmneacha na mótarbhealaí atá againn anois, ar nós an M1 nó M7. Léiríonn na bóithre seo a thóg na Gaeil fadó gur sibhialtacht shofaisticiúil a bhí acu ina raibh trádáil agus taisteal á ndéanamh go minic agus gur bóithre den chéad scoth a bhí iontu. Léiríonn sé chomh maith go raibh naisc á ndéanamh idir tuatha éagsúla agus nach raibh na tuatha scoite amach ón gcuid eile den tír.  Go deimhin bhí gairmeacha faoi leith ina raibh taisteal mar ghné thábhachtach den obair, is iad sin na draoithe agus na baird. Is féidir a rá go raibh na bóithre seo mar chroí an náisiúin mar gur cheangail siad na Gaeil le chéile.


Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath    

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.