Bás iar-Aire Sláinte agus Teachta Dála

An Dr Rory O’Hanlon i 2006.

Tá an Dr Rory O’Hanlon, iar-aire rialtais agus iar-Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil, tar éis bháis agus é 92 bliain d’aois. Pearsa mhór i saol poiblí na hÉireann ar feadh na mblianta fada a bhí ann, agus d’fhág sé lorg suntasach ar pholaitíocht agus ar phobal a cheantair féin.

Toghadh an Dr O’Hanlon den chéad uair go Dáil Éireann in 1977 do thoghcheantar an Chabháin Mhuineacháin, agus atoghadh é ocht n-uaire ina dhiaidh sin. Bhí sé ina Aire Sláinte idir 1987 agus 1991, tréimhse a raibh brú mór ar chúrsaí airgeadais an stáit, rud a d’fhág gur cuireadh ciorruithe i bhfeidhm ar an tseirbhís sláinte, lena n-áirítear laghdú ar líon na leapacha ospidéil.

Dochtúir teaghlaigh ab ea é sula ndeachaigh sé isteach sa pholaitíocht, tar éis dó céim leighis a bhaint amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. D’oibrigh sé mar dhochtúir i gCarraig Mhachaire Rois, áit ar fhan sé ina dhuine lárnach i saol an phobail ar feadh na mblianta.

Ceapadh é mar Aire Comhshaoil in 1991, ach chaill sé an post sin nuair a tháinig Albert Reynolds i gcomharbacht ar Charles Haughey mar cheannaire ar Fhianna Fáil. In 2002 ceapadh é ina Cheann Comhairle ar an 29 Dáil, ról a bhí aige go dtí 2007, agus atoghadh é go huathoibríoch don téarma deiridh go dtí 2011.

Ag tabhairt ómós dó dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh sé “go mór faoi bhrón” faoi bhás an Dr O’Hanlon, ag cur síos air mar dhuine a d’fhág “rian suntasach ar shaol poiblí na hÉireann” agus ar a pháirtí féin. Mhol sé a chuid oibre mar dhochtúir agus mar ionadaí poiblí, ag rá gur fear é a bhí dírithe ar leas a phobail i gcónaí.

Chuir Matt Carthy síos air mar “fhigiúr lárnach” i saol polaitiúil agus pobail an toghcheantair le fada, agus dúirt Claire Hanna gur “cara dílis” a bhí ann Pháirtí Sóisialach agus Daonlathach an Lucht Oibre agus do phróiseas na síochána.

Ba é athair an fhir grinn agus an aisteora Ardal O’Hanlon é. Fágann sé ina dhiaidh a bhean Teresa, a chlann agus mórán gaolta.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.