Chuaigh Misneach i mbun agóide i ngeall ar stádas na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe inné. Ach céard é stair na teanga san institiúid sin?
Nuair a bunaíodh an Saorstát in 1922 chuaigh an rialtas i mbun leasaithe ar Ollscoil Náisiúnta na hÉireann. Cé go raibh Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, ina institiúid Bhéarla ar feadh na mblianta, de bharr é a bheith buailte ar thairseach na Gaeltachta breathnaíodh air mar áit go bhféadfaí ollscoil Ghaelach a fhorbairt.
Ó 1923 i leith dhírigh an tAire Airgeadais, Earnán de Blaghd, ar fhís na hollscoile Gaelaí. Ach in ainneoin gur léirigh daonáireamh 1891 go raibh Gaeilge ag 47% de Chathair na Gaillimhe agus 58.5% den chontae, níor fheidhmigh an ollscoil trí Ghaeilge riamh. Bhí freasúra láidir le brath i measc bhaill foirne na hollscoile nár ghlac le polasaithe Gaelaithe an stáit nua.
D’fhorbair teannas idir an stát agus an ollscoil i gcaitheamh na 1920í. Rinne De Blaghd iarracht an chathair a Ghaelú ar bhealaí eile. Bhí lámh aige i mbunú cathlán de chainteoirí Gaeilge in Arm an tSaorstáit i Rinn Mhór, an Chéad Chathlán Coisithe, in 1925. Anuas air sin mhaoinigh sé an Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge, a d’oscail in 1928.
Ach lean an t-aighneas leis an ollscoil ar aghaidh, go háirithe ar an gceist croí-ábhair a mhúineadh trí Ghaeilge. I dtreo dheireadh na 1920í bhagair an rialtas an scoil leighis a dhúnadh, rud a spreag freasúra i measc an phobail. Tagadh ar chomhréiteach in 1929-30 nuair a gheall an rialtas tuilleadh maoinithe, ach ar an gcoinníoll go mbeadh “ról speisialta” ag an ollscoil i soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge, sprioc nár shroich fís na hollscoile Gaelaí a bhí ar intinn ag de Blaghd.
I ndiaidh an tsocraithe seo d’fhorbair polasaí dátheangach go han-mhall. Idir na 1930í agus na 1950dí úsáideadh an Ghaeilge i roinnt ábhar sna dána, ach lean formhór na scoileanna ag feidhmiú go hiomlán trí Bhéarla. Fiú tar éis don ollscoil forbairt agus leathnú go mór sna 1960í agus 1970í fágadh an Ghaeilge ar an imeall. Níor forbraíodh an teanga san ollscoil i gcomhréir leis an leathnú. Fágadh é do léachtóirí ar leith an teanga a úsáid i ndornán beag modúl.
Socraíodh ar chur chuige ní ba struchtúrtha i mblianta tosaigh an chéid úir nuair a bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in 2004. Soláthraíodh céimeanna trí mheán na Gaeilge, in ionaid sa Ghaeltacht go príomha. Nuair a d’fhreastail mé féin ar an ollscoil in 2006 bhí modúl nó dhó sa stair go bhféadfá tabhairt faoi i nGaeilge sa chéad bhliain, ach ní fhéadfá cloí leis an nGaeilge ina dhiaidh sin. Is cosúil nár cuireadh mórán le líon na modúl nó céimeanna gur féidir tabhairt fúthu trí mheán na Gaeilge ó shin. Anois, tá iontas ar an stát de bharr nach bhfuil an acmhainn dhaonna ann de chainteoirí Gaeilge a bhfuil inniúlacht ard agus céimeanna acu in ábhair theicniúla ann chun a spriocanna reachtúla a bhaint amach.
Luaigh Straitéis Ghaeilge na hOllscoile 2021-2025 “go ndéanfaí taighde” chun éileamh ar chúrsaí i nGaeilge a mheas. Ach mar is eol dúinn i gcás mionteanga, ní bheidh “rath tráchtála” ná éileamh ard go leor chun na boic a dhearann pleananna gnó na hollscoile a shásamh.
Níorbh aon chabhair é gur thosaigh an ollscoil ag creimeadh stádas na Gaeilge in 2016-2017. An tráth sin fuarthas réidh le riachtanas Gaeilge do phoist na hUachtaránachta. Bhí agóid ag Misneach faon ísliú céime an t-am sin chomh maith.
Deich mbliana níos déanaí tá an t-ísliú céime ag leanúint ar aghaidh. Tá Misneach tar éis ár ndícheall a dhéanamh aird a tharraingt ar an gcreimeadh. Ach beidh an stát agus an ollscoil thíos leis nuair a thagann an crú ar an tairne agus é soiléir nach bhfuil a spriocanna nó dualgais reachtúla á gcomhlíonadh acu.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.