Tarraingt déanta do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026 i gCill Chartha

Rinneadh an tarraingt oifigiúil do Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta 2026 ag cruinniú cinn bhliana an chomórtais a tionóladh le gairid in Óstán Maldron, Uarán Mór, Contae na Gaillimhe. Meastar go mbeidh suim mhór arís i mbliana sa chomórtas mór le rá seo a thugann clubanna Gaeltachta agus clubanna a imríonn trí mheán na Gaeilge le chéile ó gach cearn den tír.

Beidh an comórtas ar siúl i gCill Chartha i nGaeltacht Thír Chonaill le linn dheireadh seachtaine na Cincíse, idir an 29 Bealtaine agus an 1 Meitheamh 2026. Beidh cúig chomórtas ar fad á n-imirt i rith an deireadh seachtaine: comórtais shóisir agus shinsir na bhfear, chomh maith le comórtais shóisir, idirmheánacha agus shinsir na mban.

Roimh an bhféile mhór i gCill Chartha beidh réamhbhabhtaí agus comórtais cháilithe á reáchtáil ar fud na gcontaetha sna míonna amach romhainn chun na foirne a dheimhniú a rachaidh ar aghaidh chuig na cluichí ceannais.

I gcomórtas sóisearach na bhfear beidh ceathrú ceannais idir an Mhí agus Gaillimh, na Gaeil Óga (Baile Átha Cliath) agus an Seanphobal (Port Láirge), Maigh Eo agus Laochra Loch Lao (Aontroim), chomh maith le Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall.

I gcomórtas sinsir na bhfear beidh réamhbhabhta idir Dún na nGall agus Maigh Eo, agus na buaiteoirí le tabhairt faoi Ghaillimh sa cheathrú ceannais. I measc na gcluichí eile sa chéim sin beidh Corcaigh in aghaidh Chiarraí agus an Mhí in aghaidh na Rinne.

Idir na comórtais éagsúla do na fir agus do na mná tá gealladh faoi Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026 gur deireadh seachtaine bríomhar spóirt agus cultúir a bheidh ann i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill. Tá súil againn go meallfaidh an ócáid sluaite móra go Cill Chartha agus go mbeidh an Ghaeilge agus an pheil le cloisteáil agus le feiceáil i ngach cúinne den cheantar.


Comórtas sinsir na mban

Baile Chláir na Gaillimhe (Gaillimh) v Dhún na nGall

Comórtas sinsir na bhfear

Réamhbhabhta

A, Dún na nGall v Maigh Eo

Cluichí Ceathrú Ceannais

1 Corcaigh v Ciarraí
2 An Mhí v An Rinn
3 (A) v Gaillimh
4 Cill Chartha (Dún na nGall)

Cluichí Leathcheannais

1 v 2
3 v 4

Comórtas idirmheánach na mban

Cluichí leathcheannais

Dún na nGall v Gaillimh

Comórtas sóisir na bhfear

Cluichí ceathrú ceannais

A, An Mhí v Gaillimh
B, Na Gaeil Óga (Baile Átha Cliath) v An tSeanphobal (Port Láirge)
C, Maigh Eo v Laochra Loch Lao (Aontroim)
D, Ciarraí v Dún na nGall

Cluichí leathcheannais

C v B
A v D

Comórtas sóisir na mban

Cluichí ceathrú ceannais

A Dún na nGall v Na Gaeil Óga (Baile Átha Cliath)
B Gaillimh v an Mhí

Cluichí leathcheannais

A v Laochra Loch Lao
B v Maigh Eo

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.