
Tá an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ar scéim scoláireachta do phrintísigh Údarás na Gaeltachta ag teannadh linn. Is é an spriocdháta d’iarratais Dé hAoine an 27 Márta 2026.
Cuireann scéim scoláireachta do phrintísigh Údarás na Gaeltachta os cionn 40 scoláireacht phrintíseachta de luach níos mó ná €2,000 an ceann ar fáil do rannpháirtithe atá cláraithe faoin scéim.
Tugann na scoláireachtaí deis dóibh siúd atá cláraithe a gcuid scileanna a fhorbairt agus aitheantas acadúil a bhaint amach ina bprintíseacht chláraithe.
Tá an scéim scoláireachta do phrintísigh dírithe ar iarrthóirí Gaeltachta a bhfuil Gaeilge líofa acu agus cuireann sé ar a gcumas cáilíocht a bhaint amach in aon cheann de na scéimeanna printíseachta, bunchaighdeán atá aitheanta ag an gComhairle Printíseachta.
Áirítear printíseachtaí ceirde agus printíseachtaí nua-aoiseacha faoin scéim agus tá liosta iomlán na bprintíseachtaí ar fáil ag www.apprenticeship.ie
Fógraítear an scéim scoláireachta do phrintísigh faoi dhó in aghaidh na bliana le linn an earraigh agus an tsamhraidh. Tá 15 earnáil éagsúla ag teacht faoin scéim seo agus os cionn 70 printíseacht ag baint leo sin, iad ar fad aitheanta ag an gComhairle Printíseachta agus oscailte do phobal na Gaeltachta i nGaeilge.
Is é an dáta deireanach le haghaidh iarratais an earraigh Dé hAoine an 27 Márta 2026.
Tá eolas faoi scéim na bprintíseach ar fáil ag https://udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/oiliuint/deiseanna-sceim-na-bprintiseach/