Sheol Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, Seachtain Náisiúnta na gCrann 2026 go hoifigiúil Dé Domhnaigh seo caite nuair a chuir sí crann ag Teach agus Feirm an Droichid Nua. Bhí sí i láthair in éineacht le Imelda Hurley, Príomhfheidhmeannach Coillte, Cormac Downey, Uachtarán Chomhairle Crann na hÉireann, agus an nádúraí agus iar-uachtarán na comhairle, Éanna Ní Lamhna.
Tá Seachtain Náisiúnta na gCrann ar siúl idir an 8 agus an 15 Márta i mbliana, agus an téama “Ag Tógáil Todhchaí Níos Glaise Le Chéile” mar threoir don cheiliúradh. Is é seo an ceiliúradh bliantúil is mó in Éirinn a chuireann crainn agus foraoisí chun cinn, agus tá sé eagraithe ag Comhairle Crann na hÉireann le tacaíocht ó Choillte.
Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tUachtarán Catherine Connolly gur deis thábhachtach í an tseachtain chun aird a dhíriú ar ról na gcrann i saol an duine agus sa timpeallacht.
“Tugann Seachtain Náisiúnta na gCrann deis iontach dúinn tábhacht, áilleacht agus tionchar na gcrann ar ár saol laethúil a cheiliúradh,” a dúirt sí. “Cuireann an tseachtain seo i gcuimhne dúinn ár gcrainn agus ár bhforaoisí a thaitneamh agus an ról tábhachtach atá ag an nádúr inár dtodhchaí chomhroinnte.”
Tá Coillte tar éis breis agus milliún crann a bhronnadh ar Chomhairle Crann na hÉireann ó cuireadh tús leis an gcomhpháirtíocht idir an dá eagraíocht, agus i mbliana tá 100,000 crann eile curtha ar fáil do scoileanna agus do ghrúpaí pobail ar fud na tíre.
De réir Imelda Hurley, Príomhfheidhmeannach Coillte, tá an tacaíocht sin ríthábhachtach chun daoine a spreagadh chun páirt a ghlacadh i dtionscnaimh phlandála.
“Ní hamháin go gcuireann Seachtain Náisiúnta na gCrann le feasacht ar thábhacht ár gcrann ach tugann sí deis do phobail teacht le chéile,” a dúirt sí. “Is cúis bhróid dúinn leanúint de thacaíocht a thabhairt don mhisean sin.”
I mbliana tá Comhairle Crann na hÉireann ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Mar chuid den chomóradh sin, cuireadh 40 crann darach mar shiombail den oidhreacht agus den todhchaí.
Ag caint le An Páipéar, mhínigh Éanna Ní Lamhna gur cuid lárnach den fheachtas é páirtíocht an phobail.
“Ní chuireann Comhairle Crann na hÉireann na crainn sa talamh í féin,” a dúirt sí. “Is iad na pobail áitiúla, na scoileanna agus na grúpaí deonacha a chuireann iad. Tugann sé sin bród agus úinéireacht do dhaoine ina gcoillte féin.”
Dúirt Ní Lamhna freisin go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an tseachtain i gcomhthéacs na géarchéime aeráide.
“Tá an domhan ag éirí níos teo agus tá an aeráid ag athrú,” a dúirt sí. “Nuair a chuireann daoine crainn sa talamh, tá siad ag déanamh rud éigin praiticiúil chun cabhrú. Tugann sé dóchas do dhaoine go bhfuil siad ábalta difríocht a dhéanamh.”
Mar sin féin, thug sí le fios go bhfuil dúshláin fós roimh Éirinn.
“Níl ach thart ar 11% den tír clúdaithe le crainn, rud a fhágann gurb í Éire ceann de na tíortha is laige san Aontas Eorpach ó thaobh foraoiseachta de,” a dúirt sí. “Tá níos mó crann agus níos mó foraoisí nádúrtha de dhíth orainn.”
Le linn na seachtaine beidh imeachtaí éagsúla ar siúl ar fud na tíre, lena n-áirítear siúlóidí foraoise, tionscnaimh phlandála, ceardlanna agus cainteanna ó shaineolaithe. Beidh roinnt imeachtaí ar fáil trí Ghaeilge freisin, agus an tseachtain ag teacht le Seachtain na Gaeilge.
Seoladh Comórtas Náisiúnta Grianghrafadóireachta do Scoileanna freisin mar chuid den cheiliúradh, ag spreagadh daltaí pictiúir a ghlacadh de na crainn nó de na spásanna nádúrtha is ansa leo ina gceantair féin.
Dar le Ní Lamhna, léiríonn líon na n-imeachtaí agus an spéis atá ag daoine sa tionscnamh go bhfuil an fheasacht ag fás.
“Cuireann sé gliondar orm go bhfuilimid fós ann tar éis 40 bliain,” a dúirt sí. “Tá an coinneal lasta againn anois agus tá súil agam go leanfaidh daoine ag cur crainn agus ag tabhairt aire don nádúr sna blianta amach romhainn.”
Tá tuilleadh eolais faoi imeachtaí Seachtain Náisiúnta na gCrann ar fáil ag www.nationaltreeweek.ie.