Seachain an scéalaíocht bhréagach faoin Úcráin

Eoin Ó Murchú

Tá scéalaíocht shimplí amháin againn i leith cúrsaí idirnáisiúnta, scéalaíocht  nach gceadaíonn easaontas, nach gceadaíonn mionsonraí mínithe, nach gceadaíonn tuairimí eile, agus a chaitheann gach rud lasmuigh den scéalaíocht ceadaithe i dtraipisí mar fhaisnéis bhréagach agus mar bholscaireacht namhad.

Mar a mhínigh Walter Lippmann, an taighdeoir Meiriceánach i ndiaidh a chuid oibre do rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, gur ghnách le daonlathais liobrálacha coinbhleachtaí a chur i láthair mar chomhrac idir an mhaith agus an t-olc, chun tacaíocht an phobail don chogadh a shlógadh. 

An riosca mór, dar le Lippmann, is ea nuair a chreidfeadh an pobal go bhfuil an t-ionsaitheoir go hiomlán olc. Ansin dhiúltódh an pobal freisin d’aon síocháin inmharthana. Mar, i gcomhrac idir an mhaith agus an t-olc, níl i gcomhréiteach ach géilleadh, agus éilíonn an tsíocháin cogadh mar go gcaithfidh an mhaith an t-olc a ruaigeadh.

Nach mar sin a mhínítear dúinm cogadh na hÚcráine idir ECAT agus an Rúis?

Walter Lippmann in 1920
Grianghraf: Harris & Ewing/Wikimedia Commons

Ní raibh ón tús aon iarracht sna meáin mhóra imní na Rúise faoina slándáil a thuiscint, agus damnaíodh aon duine a dhein iarracht é a thuiscint mar phuipéad de chuid Putin nó gníomhaí ar son na Rúise.

Bhí míniú simplí sa scéalaíocht cheadaithe, is é sin nach raibh i gceist ach uaillmhian na Rúise san impireacht a bhíodh ann agus nach raibh ach olc ar siúl acu.

Go bhfóire Dia ar éinne a easaontaíonn leis an míniú sin.

Ach, mar a dúirt Gerry Adams maidir le próiseas na síochána abhus in Éirinn, is é an chéad chéim i dtreo síocháin choitinn ná muid féin a chur i mbróga ár n-ionsaitheoirí agus imní chómhalartach shlándála a aithint.

Don scéalaíocht, ámh, sa chomhrac idir an mhaith agus an t-olc, is feall é fiú an céile comhraic a thuiscint. An té a dhéanann iarracht an domhan a fheiceáil ón taobh eile, ní dhéantar ach “lucht leanúna Putin”, “adhraitheoirí phanda na Síne” nó “leithscéalaithe na Ayatollah” a thabhairt orthu. 

Is léir nach dtuairiscíonn na meáin ar an réaltacht oibiachtúil i gcónaí. Á chur ina luí orthu féin go bhfuil siad ag troid an chomhraic mhaith, cruthaíonn na meáin a réaltacht shóisialta féin. 

Mar shampla, dá n-aithneofaí caillteanais fhórsaí armtha na hÚcráine bheadh sin an chontúirt ann go laghdódh tacaíocht an phobail don chogadh. Mar an gcéanna, dá n-aithneofaí nach n-oibríonn na smachtbhannaí bheadh an chontúirt ann go laghdódh tacaíocht an phobail do na smachtbhannaí. Mar sin, déanann na meáin neamhaird den réaltacht agus cloíonn siad go dílis leis na hinsintí lena chinntiú go bhfuil an pobal tiomanta don choimhlint, ach baintear an bonn dá bharr sin de gach cosán i dtreo síocháin inmharthana.

Caithfidh an Rúis ról dúbailte a imirt inár meáin. Tá sí ag an am céanna dochreidte cúlánta agus lag, agus ina mbagairt thar a bheith cumhachtach don Iarthar. Deirtear linn go bhfuil ag teip ar an Rúis san Úcráin, ach gur féidir leo an Eoraip a chloí mura gcuirtear stop léi. 

Cuireann sé seo in iúl do phobal an Iarthair go bhfuil an t-ionsaitheoir an-chontúirteach, ach tugann sé suaimhneas don phobal freisin gur féidir an Rúis a chloí go héasca ach an cogadh a choimeád ag imeacht.

Má tá ciall ar bith againn tuigimid nach féidir leis an dá rud a bheith fíor ag an am céanna. Cén fáth mar sin gur mar seo atá an scéalaíocht? Ach amháin le tacaíocht a chothú d’fhadú an chogaidh?

Is é an insint bhunaidh sna meáin ná “ionradh gan chúis” ón Rúis

Tugann sé seo le tuiscint gur cumhacht fairsingithe impiriúil í an Rúis, seachas a bheith ag freagairt do bhagairtí dlisteanacha slándála. Níl aon díospóireacht faoin insint faoi “ionradh gan chúis” sna meáin mar go ndéantar aon dúshlán don insint seo a bhréagnú agus a chosc toisc go líomhnaítear go bhfuil sé ag “dlisteanú” an ionraidh.

Tá insint an “ionraidh gan chúis” contúirteach mar tugann sé le tuiscint gur géilleadh é aon chomhréiteach a thugann luach saothair don ionsaitheoir, rud a spreagann níos mó ionsaitheachta. Mar sin, deirtear linn go n-éilíonn an tsíocháin airm a sholáthar chun na costais a ardú.  Mar a d’fhógair iar-Ard-Rúnaí ECAT, “Is iad na hairm an cosán chun na síochána”.

Ní féidir leis na meáin é sin a chur in iúl don phobal gur dhearbhaigh Zelenskyy ar an gcéad lá den ionradh go ndeachaigh Moscó i dteagmháil leo chun cainteanna síochána a phlé bunaithe ar an Úcráin gan dul isteach in ECAT, rud ar aontaigh Zelenskyy leis. 

In ionad ailtireacht slándála Eorpach a phlé agus é mar aidhm an iomaíocht slándála a mhaolú agus an Úcráin a chosc ó bheith ina láthair i gcogadh na hEorpa athroinnte, rinne na meáin an Rúis a dhamnú mar olc glan agus dhíol siad an scéal gur cheart fiú an taidhleoireacht a dhiúltú, fiú agus na céadta mílte fear ag fáil bháis sna trinsí.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.