Ba ar an lá ba dheise den tseachtain seo caite, agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch, gur shiúil me isteach den chéad uair i Scoil na Seolta ar Bhóthar Mhic Gumaraid in Oirthear Bhéal Feirste, cé nach bhfuil sí ach siúl fiche nóiméad o mo theach féin.
Ní raibh barúil agam cad é a bheadh in ndán dom, ach fuair mé fáilte is fiche ó Áine, múinteoir sa naíscoil ansin, a thug go seomra na bunscoile mé, áit a raibh mé le bualadh le príomhoide na scoile, Ciara Ní Mhórdha, agus le tuismitheoir, Stiofán Mac Giolla Chatháin.
Bhí an seachtar páistí ó bhliain a haon ann fosta ag an tús, agus páistí comh ciúin, dea-mhúinte agus saothrach nach bhfaca mé riamh. Cuireadh amach faoin ghrian iad, le gníomh le Lego a dhéanamh agus labhair mé leis an bheirt daoine fásta.
Is duine iontach í Ciara, bean as Luimneach. “Cad é,” a dúirt mé léi, “a mheall go hOirthear Bhéal Feirste thú”? Thosaigh sí ar scéal fada, ag míniú nach raibh spéis dá laghad aici sa teanga go dtí thart ar 10 mliana d’aois, ach le múinteoir maith d’fhorbair an tsuim ina dhiaidh sin agus chuaigh sí chuig Coláiste Chnoc na Labhras i Luimneach, scoil Ghaeilge.
Rinne sí a céim i gColáiste na Trionóide i nGaeilge agus i bhFraincís, agus thart ar 2021 bhog sí go Béal Feirste le breis staidéir a dhéanamh os rud é go raibh spéis aici i mbláthú na teanga sa chathair agus go spéisialta in Oirthear Bhéal Feirste agus in Turas, áit ar bhuail sí le Linda Ervine. “Ní raibh mé in ann a chreidiúint cé comh tiománta is a bhí Protastúnaigh a bhí ag foghlaim Gaeilge.” Dúirt mise gur as siocair a heasnamh sa scoil a bhí sin amhlaidh. Linda agus Cairde Turas, ar ndóigh, a bhí freagrach as an naíscoil agus an bhunscoil a chur ar bun.
Ba i mBeal Feirste a bhuail Ciara fosta lena fear geallta David, Protastúnach as Cuan Héilin.
Bhí an seomra ranga máisithe go deas le hobair ealaíne na bpáistí. Áit thar a bheith glan agus dathannach a thug ardú meanman domh a bhí ann.
Chéistigh mé Ciara faoin churaclam don aoisghrúpa seo agus d’fhreagair sí, “Cuirimid béim ar scileanna sóisialta”. Ina theannta sin, foghlamaíonn siad faoin aibítir, trí fhónaic, agus na huimhreacha. Léitear scéalta dóibh ach thig le cuid acu bunleabhair a léamh, ag brath ar a dtaithí sa bhaile.
Smaoineamh eile a rith liom ná an méid acmhainní a bhí ar fail doibh. Tagann an bunmhaoiniú ó Chomhairle Thuaisceart Éireann um Oideachas Imeasctha, ó Chomhairle na Gaelscolaíochta agus ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. Sa bhreis air sin tá cuid mhaith de na hacmhainní ag teacht ón Aisaonad i gColáiste Naomh Muire i mBéal Feirste agus ó mhuinteoirí éagsula.
Tá an chuid is mó de na tuismitheoirí ag foghlaim Gaeilge agus dá bharr sin bhí drogall orthu labhairt liomsa. Ach bhí an t-ádh mór liom gur duine líofa sa teanga a bhí mar chuideachta agam ansin, mar a bhí Stiofán Mac Giolla Chatháin. Agus an Gaeilgeoir cairdiúil nádurtha tipiciúil a bhí i Stiofán. Cé gur ó iarthar na cathrach ó dhúchas é, tá cónaí air anois trasna an bhóthair ó Stormont. Nach méanar dó!
Fuair mé amach uaidh siúd agus ó Chiara go bhfuil formhór na lánúineacha a bhfuiol páistí acu sa scoil i bpósadh agus caidreamh imeasctha.