Ó thosaigh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus na hIosraelaigh ionsaí míleata ar an Iaráin breis is seachtain ó shin tá na mílte Éireannach sáite agus sáinnithe in iarthar na hÁise. Tá an cogadh tar éis leathnú amach go réigiúnda i gcoinne comhghuaillithe na Meiriceánach sa Mhurascaill, na ríochtaí Arabacha Ioslamacha, Sunnaíoch den chuid is mó: an Araib Shádach, Cuáit, Catar, Bairéin, Óman agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (AEA). Tá tionchar mór ag an gcogadh seo ar thíortha eile sa cheantar, Iosrael ar ndóigh, chomh maith leis an Iordáin, an tSiria, an Liobáin agus Críoch na Palaistíne/Iosrael féin.
Is i nDubai agus in Abu Daibí de chuid Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha atá an líon is mó saaoránaigh Éireannacha ann. Go hoifigiúil tá 24,400 saoránach cláraithe i réigiún na Murascaille de réir na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus níos mó ná leath acu i nDubai. D’eisigh an Roinn agus Rialtas na hÉireann comhairle do shaoránaigh na hÉireann filleadh abhaile ó Réigiún na Murascaille go luath roimh thús an chogaidh seo Dé Sathairn an 28 Feabhra seo caite agus tá an chosúlacht ar an scéal gur thuig Tadhg an Mhargaidh go raibh cogadh ar na bacáin.
Ach nuair a thosaigh an cogadh le hionsaí ó spéirfhórsaí Mheiriceá agus Iosrael, dúnadh an chuid is mó de na haerfoirt sa réigiún agus cuireadh na heitiltí chucu agus uathu ar ceal.
Tar éis cúpla lá osclaíodh cuid de na haerfoirt arís i nDubai agus Muscat na hÓmáine chun freastal ar eitiltí amach agus ó shin tá ar a laghad cúig eitilt tar éis tuirlingt i mBaile Átha Cliath ar eitiltí cairtmhaoinithe ag Rialtas na hÉireann iad ar chostas €800 an ticéad, leath an fhíorchostais dar leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee.
Tá aslonnú ginearálta ar siúl le saoránaigh na hEorpa, na Stát Aontaithe, Cheanada agus thíortha eile an Iarthair ar siúl faoi láthair. Tá ceathrú milliún saoránach de chuid na Breataine lonnaithe i nDubai agus na céadta mílte ó thíortha eile an Iarthair ann freisin. Tá líon suntasach, ach níos lú, de shaoránaigh an Iarthair i dtíortha eile na Murascaille agus comhairle tugtha dóibh uile óna rialtais féin imeacht amach ón réigiún, ach ní cosúil go bhfillfidh muintir Kinahan abhaile go hÉirinn!
In ainneoin an mhéid atá maíte ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus a Rúnaí Cogaíochta Pete Hegseth go gcríochnóidh an cogadh seo go luath agus go mbeidh bua ollmhór acu, measann an chuid is mó de thráchtairí go mairfidh an cogadh seo i bhfad níos faide. Tá cumas na nIaránach Meiriceánaigh, na hIosraelaigh agus a gcomhghuaillithe sa Mhurascaill a bhualadh go crua le líon ollmhór drón agus diúracán. Tá an cogadh seo chun drochthionchar a imirt freisin ar gheilleagar an domhain agus is cinnte go méadóidh praghas na hola, agus leis sin gach rud eile, as cuimse go ceann tamall fada, le cumas na nIaránach Caolas Hormuz a dhúnadh.