Cóilín Duffy
Tá aitheantas suntasach bainte amach ag Conor Ó Domhnaill le gairid agus duais RTÉ Raidió na Gaeltachta bronnta air i ndiaidh dó torthaí den scoth a bhaint amach ina staidéar ar an MA sa Chleachtas Gairmiúil sna Meáin in Ollscoil na Gaillimhe anuraidh. Is éacht é seo a léiríonn ní hamháin a chumas acadúil, ach a dhíograis agus a phaisean don iriseoireacht Ghaeilge.
Is as Tuaim i gContae na Gaillimhe d’Ó Domhnaill, ach tá sé lonnaithe anois i gCiarraí, áit a bhfuil sé ag obair le Nuacht Cúla4 le sé mhí anuas. Sa ról sin tá sé freagrach as scéalta a chlúdach ar fud Chúige Mumhan, agus tá taithí fhairsing bainte amach aige i mbeagán ama.
Ag labhairt dó le An Páipéar d’admhaigh Ó Domhnaill gurbh iontas áirithe an duais dó. “Bhí iontas orm. Bhí an oiread sin daoine maithe sa chúrsa,” a dúirt sé . Mar sin féin, is léir gur toradh nádúrtha é ar an obair mhór a rinne sé i rith na bliana.
Bhí an cúrsa féin thar a bheith praiticiúil agus dírithe ar scileanna gairmiúla. Mhínigh sé gur chaith sé an chéad seimeastar ar an gcampas i nGaillimh, sular thug sé aghaidh ar thréimhsí taithí oibre le heagraíochtaí móra meán. “Fuair muid deis mí a chaitheamh le Nuacht TG4. Bhí an stiúideo an-ghnóthach agus bhí neart le foghlaim,” a dúirt sé.