Tugadh isteach go hÉirinn ón iasacht a lán plandaí, go minic mar gheall ar a gcáilíochtaí aeistéitiúla, ach d’éirigh le cuid mhaith acu ‘éalú’. Tá thart ar 340 speiceas acu éagsúil ag fás timpeall uiscebhealaí, fálta sceach, páirceanna, foraoisí agus talamh feirme na hÉireann faoi láthair, agus meastar go bhfuil thart ar 60 díobh seo díobhálach.
Is planda eile an balsam Himiléach (impatiens glandulifera) a dhéanann dochar d’éagsúlacht fásra agus a mhéadaíonn creimeadh agus riosca tuilte. Is speiceas planda talún ionrach é a tugadh isteach den chéad uair mar phlanda gairdín ornáideach ach atá scaipthe anois go dtí an chuid is mó d’Éirinn. Críochnaíonn sé a shaolré i mbliain amháin agus is é an planda bliantúil is airde in Éirinn é, ag fás suas le 3 mhéadar ar airde. Nuair a bhíonn siad aibí pléascann na faighneoga na síolta beaga, á scaipeadh suas le seacht méadar ar shiúl. Mar gheall ar a fhás tapa, cuireann sé scáth ar fhormhór ár speiceas dúchasach, ach faigheann sé bás san fhómhar, ag nochtadh taobhanna na mbruach atá lom anois do shreabhadh creimneach an gheimhridh.
Is planda tarraingteach é an cainchín mion (cotoneaster microphullyus) le fás i mbosca bláthanna nó i gcoinne balla agus a bhláth beag bídeach ag mealladh beach le haghaidh meala agus pailine sa samhradh agus ag fás caora dearga tarraingteacha san fhómhar. Ach tá go leor speiceas ann atá thar a bheith ionrach, plandaí neamhdhúchasacha a sháraíonn flóra áitiúil go tapa, ag cruthú toir dhlútha a dhéanann damáiste do ghnáthóga nádúrtha. D’fhéadfadh siad damáiste a dhéanamh do bhallaí trín a ndreapadh ach tá sé deacair iad a bhaint mar gheall ar fhréamhacha doimhne, ar nós adhmad. Itheann éin na caora agus scaipeann siad síolta thar limistéir mhóra.
Tá fadhbanna ag baint leis labhras silíní Meiriceánach (prunus caroliniana) agus speicis neamhdhúchasacha ghaolmhara cosúil leis an labhras silíní Sasanach (prunus laurocerasus) mar gheall ar a bhfás ionsaitheach, a dtocsaineacht, agus a dtionchar éiceolaíoch ar phobail plandaí dúchasacha. Cé gur minic a chuirtear iad mar fhál príobháideachta síorghlas a fhásann go tapa, is féidir leo a bheith ina míchaoithiúlacht shuntasach, go háirithe i gcoillte agus, i gcás an labhrais silíní Shasanaigh, is speiceas ionrach é. Tor agus crann beag tarraingteach atá ann le duilleoga lonracha agus san earrach agus sa samhradh bíonn bláthanna tarraingteacha air a líonann an t-aer le boladh almóinní. Is comhartha é seo den arsanaic atá ina shú, cosaint i gcoinne luibhiteoirí agus contúirt má láimhseáiltear go míchúramach é nó má dhóitear é fiú. Is féidir é a fheiceáil ag fás fiáin i gcodanna de Chill Mhantáin agus de Shléibhte Bhaile Átha Cliath agus, ar an drochuair, tá sé bunaithe go forleathan i roinnt páirceanna, amhail i bhFaiche Stiabhna lár Chathair Bhaile Átha Cliath.
Is planda ionrach é an búidlia freisin ach ní chruthaíonn sé mórán trioblóide seachas a chumas fás as scoilteanna i mballa nó as bearnaí idir clocha agus brící, ag leathnú na bearna de réir a chéile, agus fiú ag lagú an bhalla ar feadh na mblianta. Mar sin féin, is cúis áthais bláthanna an bhúidlia chorcra (budleja davidii) a fheiceáil agus meallann siad beacha agus féileacáin, agus as sin a fhaigheann sé a ainm coitianta, tor an ghéileacáin. Is iad na speicis is minice a luaitear i measc na gcuairteoirí is coitianta an phéacóg, an aimiréal dearg, an ruán beag, an t-áilleán agus an chamóg, a bhíonn ag beathú i ngrúpaí móra go minic ar na bláthanna. Nuair nach mbíonn sé ag fás i measc fásra eile nó ar bhallaí, bunaíonn an búidlia í féin i bplotaí dramhaíola, lena n-áirítear i gcathracha, ag tabhairt datha in áiteanna a bheadh gruama murach sin. Is fiú glacadh leis an méid sin ar mhaithe le cothabháil rialta a dhéanamh ar bhallaí, gan dabht?