Bíonn piseoga ag nach mór gach duine. Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar na piseoga atá sa traidisiún Gaelach

Caoimhín Ó Cadhla

Tá rian den seanchreideamh ann nár imigh riamh, sin na gníomhaíochtaí a dhéantar chun ádh a fháil nó cosaint a fháil ón mí-ádh. Tá caibidil iontach in A Handbook of Irish Folklore (atá níos cuimsithí ná a leagan Gaeilge Láimh-leabhar Béaloideasa) ar prionsabail agus rialacha chreideamh agus chleachtas an phobail. Tá liosta fada ann de na cleachtais éagsúla chun ádh a fháil nó mí-ádh a sheachaint. Tugaim thíos roinnt samplaí de na piseoga sin.  

Tá an tairseach thar a bheith tábhachtach dúinne Gaeil, is cuma cé acu sa spás nó san am atá an tairseach sin. Tóg mar shampla Oíche Shamhna, idir an tseanbhliain agus an bhliain nua. Níl cead de réir piseoige sceach gheal a thabhairt thar thairseach an tí riamh. Is gá luibheanna áirithe a phiocadh ag tairseacha áirithe ama, roimh éirí na gréine, luí na gréine nó ag meán oíche.

Tá aistriú úinéireachta bainteach le hádh agus mí-ádh. Ní cheadaítear de réir piseoige uisce i do thobar a thabhairt amach Lá Bealtaine. “An barr bua” a thugtar ar an mbraon uisce sin. Tá piseoga ann maidir leis an gcéad uair a dhéantar gníomh. Ní chuirtear, mar shampla, cuing ar chapall ar an gcéad Aoine den bhliain. Creidtear freisin gurb é an chéad ainm a chloisfidh cailín tar éis fáidheadóireacht phósta a dhéanamh ainm an fhir a phósfaidh sí. Ar an taobh eile tá tábhacht leis an uair dheireanach a tharlaíonn rud. Má bhíonn báisteach sna huaireanta deireanacha den Satharn creidtear go bhfuil tréimhse fhada bháistí ag teacht.  

Má aimsíonn tú cnaipe bán, biorán nó crú capaill creidtear go mbeidh an t-ádh leat.

I dtaobh na n-éan de, creidtear go bhfuil ádh ag baint le fáinleog a eitlíonn isteach i dteach.  Tá mí-ádh ag baint le snag breac aonar a fheiceáil. Deirtear gur gá é a bheannú chun an mí-ádh a sheachaint. Ach má fheictear dhá shnag bhreaca le chéile is comhartha áidh é sin, a deirtear. 

Creidtear go mbeidh an t-ádh ort freisin má fheiceann tú easóg ar an mbóthar, má théann gabhar in éineacht leis na beithígh nó má chuireann tú éadaí ort droim ar ais nó an taobh tuathail amach.

Creidtear freisin go mbeidh mí-ádh ort má fheiceann tú capall, searrach bán, giorria nó madra dubh san oíche, má fheiceann tú cuach ar chrann gan duilleoga nó coileach ag glaoch i rith an lae. Ní cóir aistriú go teach nua ar an Luan de réir piseoige chun an mí-ádh a sheachaint.

Creidtear go n-imíonn cuid de d’anam gach uair a dhéanann tú sraoth. Chun an mí-ádh sin a sheachaint moltar gur cheart do dhuine eile ‘deiseal’ nó ‘Dia leat’ a rá leat.  Má dhéanann tú sraoth trí huaire is gá do dhuine eile ‘capall bán fút’ a rá. Is dócha go mbaineann sé seo le hOisín, mac Fhinn mhic Cumhaill, a bhí ar chapall bán ag teacht ó Thír na nÓg dó.

Tá i bhfad níos mó comharthaí áidh agus mí-ádh ann. Tá siad i nach mór i ngach gné den saol. Scríobh chugainn agus inis dúinn cad iad na comharthaí nó gníomhartha a bhaineann le hádh atá ar eolas agat.


Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.