Owain Glyndŵr, prionsa dúchasach deireanach na Breataine

Dr Kerron Ó Luain

Tá áit ar leith ag Owain Glyndŵr i stair na Breataine Bige mar an té deireanach a raibh teideal Phrionsa na Breataine aige. Rugadh é in 1359 i gclann Angla-Breathnach. Ba as na clanna Powys Fadog agus Deheubarth é. Bhásaigh a athair Gruffydd Fychan II nuair a bhí Owain an-óg. D’uchtaigh Sir David Hanmer, breitheamh Angla-Breathnach, é. Chuaigh sé i mbun staidéir ansin i Londain ach níor chloígh sé le gairm sa dlí.

Phós sé Margaret Hamner in 1383, rud a láidrigh a stádas i measc uasaicme na críche, pobal coilíneach ar theorainneacha na Breataine Bige de shliocht na Normannach agus na mBreatnach, cosúil le hoirdheisceart na hÉireann i ndiaidh ionradh Strongbow in 1169. Bhí teideal Scuibhéir Sycharth agus Glyndyfrdwy ag Glyndŵr agus ghlac sé páirt i roinnt feachtais mhíleata ar son na Sasanach/Normannach. Go dtí na 1390í bhreathnaigh na Sasanaigh ar Glyndŵr le teann measa laistigh den chóras coilíneach; ba Bhreathnach é a thuig sochaí agus polaitíocht na gcríoch teorannach sin, dár leo.

Ach nuair a tháinig Anraí IV i gcomharbas ar Risteárd II trí threascairt cuireadh deireadh leis an socrú sin. Chothaigh Anraí IV teannas i gcríocha na teorann. Bhí Glyndŵr agus a chomharsa Reginald Grey de Ruthin in adharca le chéile agus thaobhaigh Anraí IV le Grey, agus rinneadh beag is fiú de chasaoidí na Breataine Bige. Ba léir, ina dhiaidh sin, nach raibh guth láidir ag na Breatnaigh dáiríre i measc lucht cumhachta na Sasanach/Normannach. Ba é seo a spreag éirí amach i gcoinne na gcoilínitheoirí. 

Fógraíodh Owain Glyndŵr mar Phrionsa na Breataine Bige ar an 16 Meán Fómhiar 1400. Níor ghníomh siombalach a bhí anseo, ach fógra náisiúnach ar stádas na Breataine Bige mar thír inti féin. Baineadh amach buanna go luath agus creideadh go bhféadfaí polaití neamhspleách Breathnach a bhaint amach faoi cheannaireacht Glyndŵr.

Diaidh ar ndiaidh, faraor, tháinig an t-éirí amach faoi bhrú ollmhór míleata. Faoi 1412 bhí an fhrithbheartaíocht laghdaithe. Bhí gníomhaíochta áitiúil i gcoinne na Sasanach ag tarlú, ceart go leor, ach níorbh ann d’fheachtas náisiúnta comhordaithe a thuilleadh. Bhí Owain Glyndŵr fágtha ar an taobhlíne faoin tráth seo. Creidtear gur chaith sé a bhlianta deireanacha ar eastát a iníne Alys agus a fir céile, Sir Henry Scudamore, sirriam Herefordshire.

Bhí drochthionchar aige seo ar an mBreatain Bheag. Scrios na Sasanaigh bailte, sráidbhailte agus feirmeacha. Mhaolaigh geilleagar na tíre agus ghlac sé glúin nó dhó ar an tír teacht chuici féin. Cuireadh forbairt pholaitiúil na Breataine Bige ó mhaith chomh maith agus bhí sé 150 bliain sula raibh tionchar ag na Breatnaigh arís i dtaobh chumhacht na sochaí de.

Ach bhí oidhreacht as cuimse ag Owain Glyndŵr. Ba laoch é do náisiúnaithe an naoú haoise déag sa tír é. Nuair a thángthas ar a litreacha, tuigeadh gur ceannaire náisiúnta le tionchar fairsing taidhleoireachta é, seachas pearsa rómánsúil amháin.

Déantar comóradh ar Glyndŵr inniu i bhféilte, le dealbha agus le logainmneacha sa tír. Léiríonn a oidhreacht gur tír neamhspleách lena féiniúlacht agus stair féin í an Bhreatain Bheag. Samhlaítear é, san aigne Cheilteach, i dteannta le Roibeart Brús agus Uilliam Uallas in Albain, agus Aodh Ó Néill agus Aodh Rua Ó Domhnaill in Éirinn, ceannairí a thug dúshlán do thionscadail choncais na Sasanach. 

Tá cúiseanna a bhaineann leis an asamhlú reiligiúnach, an Reifirméisean agus stair na polaitíochta sa Bhreatain Bheag agus in Albain, a mhíníonn an fáth gur deineadh coilíniú ní b’éifeachtaí ar na tíortha sin ná ar Éirinn. Ach go bunúsach, mar a dúirt an t-amhránaí agus sóisialach poblachtach mór le rá, Dominic Behan, is í an fharraige an chúis nár deineadh slad iomlán ar fhéiniúlacht náisiúnta na hÉireann. De bharr go raibh ar na Sasanaigh tionscadail phlandálaithe fhoréigneacha a chur ar bun chun na Gaeil in Éirinn a chur faoi chois mar bhíomar níos faide i gcéin, spreagadh frithbheartaíocht ní ba thréine a chothaigh náisiúnachas ar feadh na nglúine. Ní mór dúinn tacú lenár gcomrádaithe sna tíortha Ceilteacha nach raibh an buntáiste sin acu, Corn na Breataine go háitrithe, ach sin scéal do lá eile.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.