Kneecap 3, Rialtas na Ríochta Aontaithe 0

Cuireadh tús spleódrach le Seachtain na Gaeilge i Muileann Mhic Con Midhe in Iarthar Bhéal Feirste ar an 1 Márta agus níos mó ná seachtain ina dhiaidh bhailigh scaifte san áit stairiúil aris fá choinne ócáid a bhí an-difriúil ar fad. Ach bhí pobal na Gaeilge fós i lár an aonaigh agus preasócáid Kneecap ar siúl, i ndiaidh dóibh a chluinstin gur diúltaíodh san Ard-Chúirt i Londain d’achomharc in éadan an chinnidh cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, Mo Chara, a chaitheamh amach ag deireadh na bliana seo caite. Chuir an grúpa fáilte ollmhór roimh an chinneadh gan an t-achomharc a cheadú agus iad i lár an aonaigh i Muileann Mhic Con Midhe in Iarthar Bhéal Feirste.
D’fhógair Kneecap ar na meáin shóisialta go mbeidh siad ag cluinstean ó Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe faoina gcinneadh i gcás Mo Chara ar a dó a chlog san iarnóin agus go mbeidh preasócáid acu ina dhiaidh. Sular tháinig siad chun stáitse, thaispeáin Liam Óg píosa páipéar leis na focail ‘I’m a Free Mawn’ scríofa air fríd fhuinneog sa mhuileann don lucht féáchana: iriseoirí, baill teaghlaigh, grianghrafadóirí, lucht leanúna Kneecap agus tuilleadh nach iad. Briseadh an scéal bomaití ina dhiaidh gur theip ar an iarracht Mo Chara a chiontú i gcás ‘sceimhlitheoireachta’ arís agus an slua bailithe don phreasócáid ag fanacht ar scéal. Bhí daoine bailithe taobh amuigh den mhuileann, ag fanacht le bratacha agus t-léinte le bheith sínithe agus i ndlúthpháirtíocht le Liam Óg nuair a fuarthas amach nach mbeidh triail úr ann in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh.