Neamhinniúlacht Trump agus géarú an chogaidh le teacht

Cathal Ó Murchú 

Cé gur theastaigh ó Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump cogadh tapa a fhearadh agus bua mórtasach a fhógairt, ní sin le rá go bhfuil Poblacht Ioslamach na hIaráine chun an cineál cogaidh seo a thabhairt dóibh. In ainneoin chumas míleata ollscriosta na Meiriceánach agus na nIosraelach, tá sé soiléir go bhfuil smacht straitéiseach ag na hIaránaigh sa chogadh seo agus nach bhfuil sé de chumas ag na Meiriceánaigh agus na hIosraelaigh iad a bhriseadh. Tá na hIaránaigh ag caitheamh diúracán agus drón ar Iosrael agus ar chomhghuaillithe Mheiriceá i réigiún na Murascaille agus ní féidir stad a chur ar na hionsaithe seo. Ina theannta sin tá smacht ag na hIaránaigh freisin ar Chaolas Hormuz agus leis sin ar gheilleagar an domhain.

Tá sé soiléir gur theastaigh an cogadh áirithe seo ó Iosrael, go háirithe ó phríomhaire Iosrael Binyamin Netanyahu, agus go bhfuil sé ag gríosú na Meiriceánach tabhairt faoin gcogadh leis na blianta, agus faoi dheireadh, mar gheall ar chumhacht na mbrúghrúpaí Síónacha cosúil le AIPAC ar chórais polaitíochta Mheiriceá, chomh maith le hearnálacha na heacnamaíochta, an airgeadais, na meán cumarsáide, na dteic-chomhlachtaí agus eile, ghéill Trump don mhian agus don éileamh sin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.