Domhnall Mac Concharraige

Tuilleadh eisceachtaí

Bhreathnaíomar cheana ar fhocail a leanann séimhiú iad, agus ar na heisceachtaí a bhaineann leis na litreacha d, n, t, l agus s, agus eisceachtaí a bhaineann le nathanna dobhriathracha (thar sáile, ar farraige, ar díol etc.).

San alt seo táimid ag breathnú ar eisceachtaí le huimhreacha.

Leanann séimhiú na huimhreacha trí, ceithre, cúig agus :

  • trí mhéadar, ceithre charr, cúig theach, sé fhuinneog,
  • trí ghloine dhéag (séimhiú ar déag nuair a chríochnaíonn an t-ainmfhocal roimhe ar ghuta), ceithre theach déag, cúig chrann is fiche, sé phunt is daichead

Ní chuirtear séimhiú, áfach, ar fhoirmeacha iolra ar leith leis na huimhreacha seo:

  • trí bliana, ceithre cinn, cúig troithe, sé seachtaine
  • trí cinn is tríocha, ceithre bliana is fiche, cúig troithe is daichead, sé seachtaine déag

Tabhair faoi deara: trí uair an chloig ach chaith sé an liathróid trí huaire, ceithre huaire, cúig huaire, sé huaire.

Athscríobh na habairtí seo gan lúibíní

  1. Beimid ag dul thar (sáile) i gceann trí (seachtain)!
  2. Tá sin ar (feabhas) ar (fad)!
  3. Tá sé (seomra) sa (teach). (Ceannaigh) mo (máthair) é (cúig) bliana (déag) ó shin.
  4. Bhí áthas ar mo (máthair) nuair a chonaic sí go raibh an teach ar (díol).
  5. Níl an teach ró-(mór) mar sin, ach tá sé an-(deas).
  6. Tá cúig (gloine) déag ar an gcuntar.
  7. Tá mo dheartháir trí (bliain) is fiche agus tá sé sé (troigh) ar airde.
  8. Scóráil sé trí (uair) le linn an chluiche, cúl agus dhá (cúilín).
  9. Tá cúig (teach) déag sa (sráidbhaile). Tá páistí beaga i dtrí (ceann) acu.
  10. Is cuimhin le mo dhaideo nuair nach raibh ach cúig (pingin) is daichead ar bhuidéal pórtair!
  11. Chonaic mé nathair a bhí dhá (méadar) ar fhad. Tá sin níos faide ná sé (troigh)!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.