Mír ghramadaí: Na réamhfhocail 1

Domhnall Mac Concharraige

Ar

ormorainn
ortoraibh
air, uirthiorthu

Is féidir ar a úsáid chun mothúchán nó tinneas a chur in iúl.

  • Tá tinneas cinn orm
  • Tá tuirse ar an múinteoir
  • Tá áthas uirthi
  • Tá slaghdán ar an mbean
  • Tá díomá ar mo mháthair
  • Tá fearg ar an ngarda
  • Tá imní orainn faoin gcostas
  • Tá áthas orthu go bhfuil tú i láthair

Úsáidtear ar tar éis roinnt briathra.

  • Ar fhreastail tú ar an rang?
  • Níor chuimhnigh mé ar a bhreithlá
  • Roinn na milseáin ar na páistí
  • Féach ar an scannán
  • Ná bí ag breathnú ar an teilifís anois
  • Níor rug sé ar an liathróid
  • Cheannaíomar an teach ar dhá chéad míle punt
  • Theip uirthi sa scrúdú
  • Glaoigh ar do mhamó mar beidh sí ag smaoineamh ort
  • Lig sé air féin go raibh sé ina chodladh
  • Ní dhéanfaidh mé dearmad 

Cuimhnigh, cé go gcuireann ar séimhiú ar chonsan más féidir de ghnáth, ní bhíonn séimhiú i gceist i bhfrásaí mar iad seo a leanas a chuireann staid in iúl:

  • ar bordar farraige
  • ar muir
  • ar tír
  • ar meisce
  • ar buile
  • ar crith
  • ar deireadh
  • ar díol
  • ar ball
  • ar maidin

Ach ar shiúl (imithe) ar fheabhas

Líon na bearnaí sna habairtí seo:

  1. D’ith sé an iomarca milseán agus tá tinneas fiacla _______.
  2. Cé gur fhreastail sé _____ na ranganna go léir ní dhearna sé go leor staidéir agus theip _____ sna scrúduithe.
  3. Bhí brón _____ nuair a chualamar an drochscéal.
  4. Is minic tinneas a bheith _____ dhaoine agus iad _____ muir.
  5. Bhí imní ar mo thuismitheoirí nuair nár chuir mé glao _____.
  6. Sula ndeachaigh Pól amach aréir d’iarr mé _____ gan an iomarca a ól.
  7. D’ól sé barraíocht agus bhí sé ____ meisce. Tá póit ____ inniu. Tá fearg ____!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.