Léamhthuiscint: Staid Bhóthar Lansdún

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Sula raibh Staid Aviva ann d’imrítí cluichí sacair agus rugbaí na hÉireann i staid stairiúil ar an láthair chéanna darb ainm Staid Bhóthar Lansdún. San alt seo foghlaimeoimid faoin stair a bhaineann leis an staid seo.

Bhí staid Bhóthar Lansdún suite ar Bhóthar Lansdún i nDroichead na Dothra, bruachbhaile atá suite i nDeisceart Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí 25,000 suíochán ann. Bhí 49,000 in ann a bheith i láthair ag cluichí rugbaí ach ní ag cluichí sacair toisc go raibh rialacha éagsúla ann ó thaobh spás seasaimh ag cluichí FIFA agus UEFA. OsclaíodhSstaid Bhóthar Lansdún in 1872. Ba é Henry Dunlop a cheap an smaoineamh an staid a oscailt agus ba eisean bunaitheoir an chlub rugbaí Lansdún Football Club. Sular bunaíodh Cumann Rugbaí na hÉireann ba ghnáth “football” a ghlaoch ar rugbaí i mBéarla. Go gairid ina dhiaidh sin ba é Bóthar Lansdún ceanncheathrú Chumann Rugbaí na hÉireann, agus tá a gceanncheathrú fós i Staid Aviva ar an láthair chéanna. Bhí an áit in úsáid le haghaidh cluichí rugbaí den chuid is mó ach in 1900 imríodh an chéad chluiche sacair ann. Cluiche idir Éire agus Sasana a bhí ann ar Lá Fhéile Pádraig. Bhuaigh Sasana 2-0. Bhí an chéad chluiche sacair eile ann in 1926 nuair a d’imir foireann Shaorstát Éireann i gcoinne na hIodáile. Ní bheadh cluiche sacair eile ann go dtí 1968 nuair a d’imir Port Láirge Aontaithe i gcoinne Mhanchain Aontaithe i gcluiche de Chraobh na hEorpa. Bhuaigh Manchain Aontaithe 3-1 ar an lá. Ba é an cluiche sacair deireanach a imríodh sa staid cluiche ceannais Corn Sacair na hÉireann idir Cathair Dhoire agus Cumann Lúthchleasaíochta Naomh Pádraig.

Aontaíodh in 2004 go leagfaí Staid Bhóthar Lansdún agus go dtógfaí staid nua le 50,000 suíochán ann, agus go mbeadh urraíocht an chomhlachta Aviva aige. Críochnaíodh an obair thógála in 2010.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Cad iad na spóirt a d’imrítí i Staid Bhóthar Lansdún?
  2. Cá raibh Staid Bhóthar Lansdún sé suite?
  3. Cé mhéad suíochán a bhí ann?
  4. Cathain a osclaíodh an staid?
  5. Is de bharr cén duine a osclaíodh é?
  6. Cathain a bhí an chéad cluiche?
  7. Cathain a bhí an cluiche deireanach?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.