Léamhthuiscint: Angóra na Tuirce

Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Angóra na Tuirce

Is pór cait é angóra na Tuirce a thagann ó cheantar Loch Van sa Tuirc. Tagann an t-ainm ón gcathair Ankara, príomhchathair na Tuirce. Tá stair fhada ag baint leis an bpór agus foghlaimeoimid faoi san alt seo. 

Cosúil le gach cat clóis síolraíonn angóra na Tuirce ó fhianchait na hAfraice. Tá cosúlachtaí idir an t-angóra agus an cat Peirseach, agus is minic a dhéantaí iad a shíolrú le chéile. Deirtear gurb as an angóra a forbraíodh an pór dúchat Maine. Bhí 6 chat angóra ag Marie Antoinnette. Le linn Réabhlóid na Fraince rinne sí iarracht teitheadh go Meiriceá ar long lena cait, ach níor éirigh léi. D’éirigh lena cait, áfach, agus mheasc siad le cait áitiúla in Maine sna Stáit Aontaithe, agus uathu sin a d’fhorbair dúchat Maine. 

Is cait spraíúila, cairdúila iad cait angóra. Réitíonn siad go maith le daoine ach is minic a rognaíonn siad duine amháin sa teaghlach a mbíonn siad an-chosantach faoi.

Is siombail náisiúnta na Tuirce iad cait angóra, agus tá eagraíocht amháin ann, Feirm Foraoise agus Zú Attaturk, a bhfuil clár póraithe acu chun íonacht na póire a chosaint. Dár leosan is pór difriúil é an t-angóra sna Stáit Aontaithe. Le himeacht ama, a deirtear, d’fhorbair an pór sna Stáit Aontaithe agus an pór sa Tuirc óna chéile.

Ceaptar go bhfuil an t-ádh ag baint le cait angóra, agus is minic a choinnítear iad mar pheataí i dteaghlaigh sa Tuirc, agus is ábhar bróid náisiúnta iad.


Ceisteanna buntuisceana

  1. Cén áit sa Tuirc as a dtagann an pór cait angóra?
  2. Cad is bunús leis an ainm?
  3. Cén pór a síolraíonn siad as?
  4. Cé mhéad cat den phór seo a bhí ag Marie Antoinnette?
  5. Céard a bhí sí ag iarraidh a dhéanamh leo?
  6. Cén eagraíocht sa Tuirc a bhfuil clár poraithe acu maidir le cait angóra?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.