Isibéal Ní Cheallaigh ainmnithe mar ‘Voice of the Nation’ nua ag Ring

Cóilín Duffy

Tá an t-amhránaí agus pearsa meán Isibéal Ní Cheallaigh ainmnithe mar an chéad ghlór den náisiún Éireannach ag an gcomhlacht teicneolaíochta Ring, i ndiaidh cuardach náisiúnta a mheall na céadta iarrthóirí ar fud na tíre.

Is as Cabán tSíle i mBaile Átha Cliath do Ní Cheallaigh ó dhúchas ach tá sí lonnaithe i nGaillimh faoi láthair. Roghnaíodh í i ndiaidh sraith éisteachtaí a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh an samhradh seo caite, chomh maith le hiarratais ar líne a cuireadh isteach trí Instagram, TikTok agus aip Ring.

Mar thoradh ar an mbua seo beidh guth Ní Cheallaigh le cloisteáil ar chloigíní dorais cliste Ring ar fud na hÉireann agus na Breataine, áit ar féidir le húsáideoirí beannachtaí réamhthaifeadta a roghnú chun freagra a thabhairt ar chuairteoirí nuair nach bhfuil siad sa bhaile. Den chéad uair riamh tá rogha freagartha i nGaeilge curtha ar fáil freisin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.