Gaeilge i gcroílár Bhaile Átha Cliath – tionscnaimh nua ó on gcomhairle cathrach

Jenna Goulding

Tá roinnt tionscnaimh nua ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun ról na Gaeilge sa phríomhchathair a neartú. Trí chláir nua, tionscadail phobail agus cumarsáid dhátheangach fheabhsaithe, tá an chomhairle ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge i gcroílár shaol laethúil na cathrach.

Tá Gaeilge365 ar cheann de na príomhthionscnaimh atá mar chuid den chlár seo. Is clár straitéiseach é seo atá dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn i ngnáthshaol na cathrach. Is é cuspóir an chláir deiseanna praiticiúla a chruthú do dhaoine an Ghaeilge a úsáid ina bpobail, ina n-ionaid oibre agus i spásanna poiblí ar fud na cathrach. Tá Gaeilge365 ag tacú leis na tionscnaimh An Chomhairle Chraiceáilte, Glór Ár Linne, Cumasú agus Fís Féile chun an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh de na seomraí ranga.

Tá Gaeilge365 dírithe ar chomhrá agus rannpháirtíocht leis an teanga a spreagadh ar bhealaí nua agus cruthaitheacha. In áit an Ghaeilge a bheith teoranta do sheomraí ranga nó d’imeachtaí cultúrtha, cuireann an clár béim ar thionscnaimh a chuireann an teanga ar fáil do níos mó daoine. Is é an sprioc fhadtéarmach cabhrú le Baile Átha Cliath forbairt mar phríomhchathair Eorpach ina n-úsáidtear an Ghaeilge agus an Béarla go nádúrtha i saol laethúil.

Sampla amháin den chur chuige seo is ea an tionscadal Binsí le Brí. Faoin tionscnamh seo cuirtear binsí i spásanna poiblí chun daoine a spreagadh chun suí síos agus comhrá a thosú trí Ghaeilge. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo deiseanna neamhfhoirmiúla a chruthú do chainteoirí Gaeilge bualadh lena chéile i ngnátháiteanna ar nós páirceanna nó sráideanna na cathrach. Trí spásanna infheicthe a chur ar fáil don chomhrá, cabhraíonn an tionscadal seo leis an teanga a thabhairt isteach i saol poiblí na cathrach.

Tionscnamh eile atá mar chuid den chlár is ea Gael-leabharlannaí. Díríonn an tionscnamh seo ar nasc a chruthú idir leabharlanna agus pobail Ghaeilge ar fud Bhaile Átha Cliath. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo ionaid fháilteacha do chainteoirí Gaeilge a dhéanamh de leabharlanna áitiúla trí ghníomhaíochtaí agus acmhainní a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. 

Tá tionscadail eile mar chuid den chlár seo freisin. Is iad sin Fáilte Fite Fuaite, Réabhtacht agus Bronntanas. Spreagann siad comhtháthú pobail, tacaíonn siad le saol oíche na cathrach agus cuireann siad an Ghaeilge chun cinn sa saol teaghlaigh.

Tá na tionscnaimh seo mar chuid de straitéis níos leithne chun feiceálacht na Gaeilge a mhéadú i seirbhísí poiblí agus i saol an phobail. Dúirt Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go bhfuil siad ag iarraidh tacú leis an nGaeilge i réimsí éagsúla de shaol na cathrach, lena n-áirítear rannpháirtíocht chultúrtha agus cumarsáid dhigiteach. Tá an t-éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath ag ardú le blianta beaga anuas.

Léiríonn torthaí 2025 dul chun cinn suntasach don chlár, le breis is 20,000 deis bhreise chun an Ghaeilge a úsáid cruthaithe i mBaile Átha Cliath. Tá pleananna ann freisin chun ceathrú Ghaeilge a fhorbairt timpeall ar Shráid Fhearchair.

Chomh maith leis sin, tá céimeanna glactha ag an gcomhairle chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid oibre féin. Reáchtáil siad roinnt cruinnithe den chomhairle go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Cé gur céim shiombalach thábhachtach iad na cruinnithe seo, níl iontu ach cuid de phlean níos leithne chun úsáid na Gaeilge a spreagadh ar fud na cathrach.

Ina theannta sin, tá an chomhairle ag obair chun feabhas a chur ar an gcaoi a ndéanann siad cumarsáid leis an bpobal sa dá theanga oifigiúla. Seoladh athnuachan ar bhranda na comhairle ag deireadh mhí Eanáir i mbliana chun a n-aitheantas a nuachóiriú agus chun a chinntiú go gcuirtear eolas i láthair ar bhealach soiléir ar ardáin dhigiteacha agus i seirbhísí poiblí.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.