Figiúirí daoine gan dídean ag dul in olcas arís

Eoin Ó Murchú

Léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuil líon na ndaoine gan dídean agus atá ag brath ar lóistín éigeandála an stáit níos líonmhaire na riamh arís, le hos cionn 17,000 duine, lena n-áirítear os cionn 5,000 páiste, fágtha gan dídean.

Léirítear freisin gur daoine singile iad trí cheathrú de líon na ndaoine gan dídean, fiú má tá jab ag an duine. Cíosanna arda atá taobh thiar de sin, agus is cosúil go mbeidh sin ag dul in ndonas freisin.

Níl aon phlean ag an rialtas chun déileáil leis seo, ach amháin scéimeanna eile a chuireann níos mó airgead poiblí isteach i bpócaí infheisteoirí agus ar chláir chomhardaithe na gcreach-chistí agus na mbanc.

Is é an rud is fearr atá á dhéanamh ag an rialtas ná athchóiriú ar an gcóras cíosa, rud a admhaíonn siad féin a chiallóidh ardú ar chíos, earnáil ina bhfuil daoine ag streachailt cheana féin le teann díotha.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.