Tá an cogadh idir an Iaráin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael ar siúl le nach mór mí anois. Thóg sé nach mór an mhí sin do rialtas na 26 contae gníomhú. Céard é an gníomh a rinne siad? 20 cent a bhaint de phraghas an díosail agus 15 cent a bhaint de phraghas an pheitril.

Is maith go bhfuil sin ag tarlú, ach i mo thuairimse rinne an rialtas an gníomh mícheart. Ba chóir dóibh caidhp phraghais a leagan síos, mar nuair a rinneadh an fógra Dé Máirt go raibh sé le teacht i bhfeidhm Dé Céadaoin, chuir go leor garáistí an praghas suas an 15 cent nó 20 cent don bhreosla faoi seach.

Bhí tráchtairí áirithe ag gearán gur gníomh é seo a chuidíonn le daoine a bhfuil airgead agus carr acu, ach caithfear cuimhneamh air chomh maith go bhfuil gá ag daoine faoin tuath, gan trácht orthu siúd atá faoi mhíchumas, le carr de bharr easpa iompar poiblí. Ní hé sin le rá nár chóir dóibh a chinntiú go gcoinnítear praghsanna iompair phoiblí ag an leibhéal ar a bhfuil siad faoi láthair. Go deimhin, is é mo thuairim gur chóir go mbeadh iompar poiblí saor in aisce, ach sin scéal eile!

Ní raibh aon ghníomh ann i dtaobh praghsanna leictreachais, agus bhí praghsanna ard go leor i rith na Nollag cheana féin. Beidh orthu gníomh a dhéanamh chun praghas leictreachais a laghdú. Tá súil agam go ngníomhóidh siad air sin roimh i bhfad.

Gníomh eile ar chóir dóibh a dhéanamh ná dul i dteagmháil le Trump lena chur in iúl gur chóir deireadh a chur leis an gcogadh seo, ach bíonn eagla ag an Taoiseach aon rud a rá le hUachtarán Mheiriceá na laethanta seo mar a chonaiceamar Lá Fhéile Pádraig.

Tá éigeandáil fuinnimh fógartha sna hOileáin Fhilipíneacha le déanaí, ag léiriú an tionchair atá ag an gcogadh seo ar an domhan i gcoitinne. Léiríonn an cogadh seo nár chóir dúinn a bheith ag brath ar ola mar fhuinneamh, ach athrú i dtreo fuinneamh in-athnuaite ar nós cumhacht ghaoithe, a bhfuil níos mó di againne ná aon tír eile ar domhan de bharr sinn a bheith suite san Áigéan Atlantach.

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.