Cuireann Aengus Ó Snodaigh TD polasaí Gaeilge chun cinn

Cathal Ó Murchú

Tá polasaí Gaeilge á chur chun cinn ag Aengus Ó Snodaigh TD ó Shinn Féin, le sraith beartas i dtaobh réimsí éagsúla a áiríonn oideachas, cultúr, na meáin, cearta teanga, cosaint an tsínidh fhada is araile. Is Teachta Dála de chuid Shinn Féin ó Bhaile Átha Cliath Theas-Láir agus feidhmíonn sé ina ról mar urlabhraí an pháirtí ar an nGaeilge, Gaeltacht, Ealaín agus Cultúr.

I dtaobh an pholasaí Gaeilge, tá an comhionannas, caomhnú cultúrtha agus cuntasaíocht mar bhunphrionsabal leis, agus ciallaíonn sé seo go mbeidh na cearta céanna ag Gaeilgeoirí agus atá ag béarlóirí maidir le caidreamh agus déileáil leis an stát. Tabharfar aitheantas freisin don Ghaeilge a bheith i gcroílár na féiniúlachta Éireannaí, go háirithe le polasaithe i réimsí na n-ealaíon agus an oideachais. Chomh maith leis sin, iarrfar cuntasaíocht ar rialtais trí cheisteanna san Oireachtas le monatóireacht ar chaiteachas acmhainní Gaeilge.

Ar na príomhghnéithe agus beartais atá áirithe sa pholasaí molta ag Ó Snodaigh tá cosaint an tsínidh fhada sa chaoi go mbeidh ar áisíneachtaí an stáit taifead ceart agus beacht a choinneáil ar ainmneacha agus seoltaí Gaeilge agus go ngearrfar píonós orthu siúd a dteipeann orthu é seo a dhéanamh. Tá sé seo á chur chun cinn i mBille um Ainm agus Seoladh Gaeilge.

Tá moladh ann do bhreis ionadaíochta Gaeilge i gcraoladh mórimeachtaí cultúrtha saor in aisce agus imeachtaí Gaeilge cosúil le hOireachtas na Gaeilge a chur chun cinn sa phríomhshruth ar bhonn náisiúnta sa Bhille um Chraolachán (Seirbhís Uile-Éireann).

Chomh maith leis sin moltar díriú ar an nGaeloideachas agus é a neartú, agus a chinntiú go gcuirfear acmhainní le haghaidh athrú curaclaim ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna. Tá tabhairt ar ais do liúntas múinteoireachta Gaeloideachais molta aige freisin le go gcoimeádfar múinteoirí sna Gaelscoileanna, Gaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta.

Maidir le cearta teanga do Ghaelgeoirí sna seirbhísí poiblí, tá cáineadh déanta aige ar Phlean Gnímh do Sheirbhísí Poiblí as Gaeilge 2026-2028 mar gheall ar an “easpa polasaí.”  Ba cheart go ndéanfar normálú ar an teanga san earnáil phoiblí ar fad dar leis.

In ainneoin an bhéalghrá a thugann an rialtas agus an státchóras i gcoitinne sna 26 contae do mholtaí agus bearta den chineál seo feictear go rialta easpa gnímh ar bhonn oifigiúil ó bunaíodh an stát 26 contae. Lasmuigh den chóras polaitíochta tá gluaiseacht Ghaeilge níos láidre ann anois, go háirithe i dtuaisceart na tíre, agus feictear borradh cultúrtha ann i dtaobh na teanga freisin. Beidh le feiceáil an éireoidh leis an ardú brú seo i dtaobh cearta teanga a bhaint amach mar is ceart do Ghaeilgeoirí ar fud na tíre, sa tuaisceart agus sa deisceart.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.