Tá coimisiún nua á bhronnadh ag Údarás na Gaeltachta ar an scannánóir Mary Keane do thogra ealaíne pobail ar Champas Íosagáin. Beidh Mary ag obair le pobal Mhúscraí, le hiarscoláirí Choláiste Íosagáin, agus i gcomhar leis an gcompántas rince clúiteach Teaċ Daṁsa ar scannán nua a fhorbairt, a shníomhann cuimhní, scéalta agus rince le chéile mar chomóradh ar oidhreacht Choláiste Íosagáin agus é á athfhorbairt don 21ú haois.
Tar éis breis agus 25 bliain den seancholáiste réamhullmhúcháin a bheith dúnta, d’fhógair Údarás na Gaeltachta togra mór athfhorbartha ar an seanfhoirgneamh mar lárionad nua forbartha fiontraíochta. Ré nua a bheidh ann don suíomh, ina mbeidh sé ag cothú uaillmhian, éirim agus spiorad fiontraíochta na Gaeltachta arís.
Is de thoradh próiseas glao oscailte, faoi bhainistíocht Ealaín na Gaeltachta, a bronnadh an coimisiún.
Mhínigh Marina Ní Dhubháin, Áisitheoir Ealaíon na Mumhan le hEalaín na Gaeltachta, go raibh an próiseas measúnaithe ar iarratais ar an togra seo an-iomaíoch, mar bhí líon agus caighdeán na n-iarratas fíor-ard, ag rá, “Léirigh an próiseas roghnúcháin go bhfuil fuinneamh faoi leith sa seancholáiste i gcónaí a spreagann mórán ealaíontóirí, ní hamháin go háitiúil i gCo. Chorcaí ach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá Ealaín
na Gaeltachta ana-shásta go mbeidh an coimisiún á bhronnadh ar thogra atá uaillmhianach agus nuálach, saothar nua a thabharfaidh dúshlán do na féidearthachtaí a bhaineann leis na healaíona pobail.”
Tá an obair rannpháirtíochta ar bun cheana féin i gceantar Mhúscraí, agus tá Mary Keane i mbun oibre le grúpaí pobail agus le muintir an cheantair, ag bailiú smaointe agus cuimhní cinn ó ré órga Choláiste Íosagáin.
Tá sí ag lorg ionchur ó iarscoláirí an choláiste, bíodh siad i gcóngar nó i bhfad i gcéin. Más mian leat do chuimhní faoi Choláiste Íosagáin a roinnt le Mary, is féidir teagmháil a dhéanamh léi ar bosca.smaointe@gmail.com nó ar 087 4443628.
Is scannánóir í an Corcaíoch Mary Keane, agus cuimsíonn a cleachtas scannáin rince chomh maith le scannáin faisnéise i nGaeilge agus i mBéarla. Tá gaol pearsanta aici le Campas Íosagáin óir d’fhreastail a hathair ar Choláiste Íosagáin. Stiúir sí an gearrscannán faisnéise Báite, a thugann léargas trí shúile a hathar agus iarscoláirí eile ar Choláiste Íosagáin nuair a bhí sé ina choláiste réamhullmhúcháin d’ábhair oidí bunscoile don Saorstát nua. Nuair a sheolfar an scannán coimisiúnaithe nua, beidh Báite le feiceáil mar dhiptíc in éineacht leis i suiteáil bhuan in áras Champas Íosagáin.
Seo mar a labhair Mary faoin bhfís atá aici don scannán, “Is iad scéalta, stair agus misean an tseancholáiste a spreagfaidh cóiréagrafaíocht an scannáin. Beidh sé fréamhaithe san oidhreacht áitiúil, ach léargas agus naisc nua á nochtadh ag an am céanna.”
Dúirt Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta Rónán Mac Con Iomaire, “Is léiriú maith é an tionscnamh seo ar chur chuige Údarás na Gaeltachta i leith Champas Íosagáin, áit ina mbeidh fiontraíocht agus cultúr á neartú taobh le taobh,” a deir Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail agus Pleanála Teanga an Údaráis, Rónán Mac Con Iomaire. “Tá oidhreacht fhada ealaíne fágtha ina dhiaidh ag Coláiste Íosagáin i measc phobal Mhúscraí agus phobal na Gaeltachta trí chéile, agus déanfar ceiliúradh agus cuimhneachán ar an oidhreacht seo, agus muid ag ullmhú do ré nua i stair an fhoirgnimh.”
Cuireadh maoiniú €68,000 ar fáil don togra seo ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe trí Scéim an Chéatadáin don Ealaín. Rinne Ealaín na Gaeltachta bainistíú ar an bpróiseas coimisiúnaithe ar son Údarás na Gaeltachta.