
Thug Coimisinéir Gaeilge Thuaisceart Éireann, Pól Deeds, a chéad chuairt oifigiúil ar Oifig an Choimisinéara Teanga Déardaoin seo caite nuair a chas sé leis an gCoimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, ar an Spidéal i gContae na Gaillimhe.
Ba é príomhchuspóir na cuairte deiseanna comhoibrithe idir an dá oifig a phlé agus bealaí a aimsiú chun cearta teanga phobal na Gaeilge ar fud an oileáin a chur chun cinn agus a neartú.
Ag cur fáilte roimh an gcuairt, dúirt Séamas Ó Concheanainn gur céim thábhachtach í i dtreo caidreamh níos láidre idir na hinstitiúidí a bhfuil freagracht orthu as cearta teanga a chosaint.
“Is cuairt fhíorthábhachtach atá inti le feasacht agus dea-chleachtais a roinnt ar mhaithe le cearta teanga phobal na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas a láidriú,” a dúirt sé.
D’aontaigh Pól Deeds go raibh tábhacht ar leith leis an gcomhoibriú sin agus le nascanna idir na pobail Ghaeilge ar fud an oileáin. Thagair sé don Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus don ról atá ag comhoibriú trasteorann i gcosaint teangacha mionlaigh.
“Éilíonn Alt 14 den Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh cothú cumarsáide idir phobail labhartha na dteangacha mionlaithe sna stáit éagsúla ina labhraítear iad. Molann sí, leis, comhoibriú trasteorann idir údaráis réigiúnacha sa chás sin. Is sa chomhthéacs seo atá mé ag dúil le caidreamh tairbheach agus buanchairdeas a thógáil le hOifig an Choimisinéara Teanga,” a dúirt sé.
Le linn na cuairte, pléadh freisin an obair idirnáisiúnta atá ar bun chun cearta teanga a chur chun cinn agus na deiseanna atá ann don dá oifig páirt a ghlacadh sa chomhoibriú sin.
Dúirt Séamas Ó Concheanainn go bhfuil “diminsean tábhachtach idirnáisiúnta” ag baint leis an obair seo agus gur deis é Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga chun tacú le hiarrachtaí ar son pobail teanga ar fud an domhain.
Tá súil aige freisin fáilte a chur roimh choimisinéirí teanga ó thíortha éagsúla nuair a bheidh Comhdháil Idirnáisiúnta an Chumainn ar siúl i nGaillimh i mí Mheán Fómhair 2026.