Gan amhras is ceann de na háiteanna is ansa linn in Éirinn é Cluain Mhic Nóis. De réir na fianaise ar a ndearnadh tochailt sa cheantar dhealródh sé go raibh Críostaithe abhus chomh luath leis an gcúigiú nó séú haois.
Tá Cluain Mhic Nóis suite i lár na hÉireann i gContae Uíbh Fhailí, deich míle ó Bhaile Átha Luain ar thaobh Chúige Laighean den abhainn is faide sa tír, an tSionainn. Tháinig na manaigh chun guí, obair agus staidéar ann. Is áit iargúlta agus shíochánta í.
Luaitear in Annála Chluain Mhic Nóis gur tháinig Naomh Ciarán agus a lucht leanúna timpeall 549 AD. Chruthaigh na fir seo ionad mór foghlama agus bhí sí mar ollscoil ón séú haois go dtí an séú haois déag. Tháinig mic léinn le dúil san fhoghlaim ó gach cearn den Eoraip. Ach is dócha nach raibh aon fhoirgnimh mhóra ann mar chónaigh idir mhúinteoirí agus daltaí i mbotháin bheaga chruinne a tógadh le hadhmad agus cré. Ní raibh aon ghnáthcúrsa staidéir ann, murab ionann agus an lá inniu, ach na rudaí a raibh suim ag na scoláirí féin iontu, Diagacht, Laidin, Gréigis, Eabhrais, Réalteolaíocht agus eile. Tá roinnt mhaith iarmsaí ann fós a chruthaíonn cé chomh maith agus a bhí obair na scoláirí agus na gceardaithe díograiseacha a mhair sa tréimhse sin. Tá Leabhar na hUidhre ann, lámhscríbhinn Ghaeilge ina bhfuil scéalta ar an gCraobh Rua agus ar laochra na Féinne.
Le déanaí shocraigh mé féin agus mo bheirt chairde cuairt a thabhairt ar Chluain Mhic Nóis. Bhí leabhar léite againn faoin áit seo agus bhraitheamar go rabhamar faoi gheasa turas a dhéanamh. Fuaireamar an bád ar an gcé i mBaile Átha Luain. Bhí an lá go haoibhinn agus thug áilleacht na Sionnaine éirí iomlán croí dúinn. Bhí na healaí agus a héin ag snámh go healaíonta in aice lenár mbád. Tar éis leathuaire ar an loch bhíomar abálta fothraigh móran séipéal, cloigthithe arda agus na hardchrosa a fheiceáil. Bhí cuma osnádúrtha orthu ag seasamh amach i mbun na spéire. Thángamar i dtír.
Cuireann an áit tocht orm. Bhí mo chairde in a dtost mar tuigeann siad go rabhamar ar láthair bheannaithe gan é a rá. Ó thús an ochú haois déag tá mo shinsir féin á gcur sa tseanreilig ansin. Thosaíomar ag smaoineamh ar an dream a tháinig ar dtús, na Lochlannaigh, agus sa deireadh thiar na Normanaigh. D’fhág gach dream a lorg féin ar an áit naofa seo. D’fhágadar an iliomad iarsmaí de chinealacha éagsúla ar an talamh againn mar chruthú ar a n-aistear agus a n-áitreabh sa taobh seo tíre.
Thugamar ár n-aghaidh i dtreo bharr an chnoic. Bhí mothú draíochtúil ag baint leis an radharc, ní hamháin an tírdreach mórthimpeall orainn ach na heaglaisí atá ina bhfothraigh. Ag seasamh amach ina n-aonar bhí iarsmaí na hardeaglaise cloiche ón deichiú haois. Roimhe seo tógadh na foirgnimh seo as adhmad. Tá cuid d’Ard-Ríthe na hÉireann curtha taobh istigh den fhoirgneamh. In 1198 cuireadh Ard-Rí deireanach na hÉireann, Ruairí Ó Conchúir, anseo. Tá an doras thuaidh Gotach maisithe go hornáideach. Os cionn an dorais feictear trí phearsa múnlaithe isteach sa chloch a léiríonn Naomh Doiminic, Naomh Pádraig agus Naomh Proinsias. Tá ceithre shnoiteán níos lú ann a léiríonn Matha, Marcas, Lúcás agus Eoin.
Bhí Cros na Scrioptúr ina seasamh faoi sholas na gréine. Ar an gcros seo taispeántar Flann Sinna, Rí ar Éirinn, agus Colmán, an t-ab ar Chluain Mhic Nóis. In 1979, nuair a thug Pápa Eoin Pól II cuairt ar Chluain Mhic Nóis, thuig sé go raibh sé ag siúl i gcéimeanna na naomh agus na ríthe. Tá tionchar na staire le feiceáil go láidir anseo. Scaipeadh an Chríostaíocht thar lear ón oileán seo. Tá breis agus míle cúig chéad bliain d’oilithreacht déanta san áit seo. Thug Cluain Mhic Nóis léargas do na cuairteoirí ar an gcaoi ar fhorbair sochaí réamh-Normannach in Éirinn. Is ó na blianta sin timpeall na milaoise a thagann formhór na bhfoirgneamh atá fós ann.
Shiúlamar go dtí an áit ar a dtugtar, Eaglais na mBan Rialta. Críochnaíodh an eaglais seo sa bhliain 1167 le hairgead a thug Dearbhfhorghaill Ní Mhaeleachnaill. Ba í bean chéile Thiarnáin Uí Ruairc í a d’fhuadaigh Diarmaid Mac Murchú, rud a spreag ionradh na nAngla-Normannach. Meastar gurb iad na fothraigh seo an sampla is fearr den ailtíreacht Rómánach san Eoraip.
Chuamar chuig an ionad cuairteoirí. Bhí deis againn an tseanscríbhneoireacht oghaim a fheiceáil. Gnás págánach ab ea é inscríbhinn oghaim a chur ar leac os cionn na marbh. Tagann an t-ainm ó Oghma, ceann de sheandéithe págánacha na nGael. Ba é dia na deaslabhra é agus cuirtear ina leith gurb é a chum an t-ogham. Leanadh de i dtosach ré na Críostaíochta ach is cosúil ná raibh údaráis an chreidimh nua róbháúil leis mar ghnás.
D’ainneoin gur scriosadh an mhainistir i gCluain Mhic Nóis agus ar ndóigh mainisreacha eile, d’éirigh le saíocht na gCeilteach teacht slán, mar sin féin. Chuamar i dtreo an tsiopa le haghaidh cuimhneacháin a cheannach ach, faraor, bhí sé dúnta. Ach fanfaidh na cuimhní speisialta seo inár gcinn. D’fhágamar slán ar áit neamhdha ar talamh.