Brú ar an rialtas cúnamh a thabhairt i dtaobh billí breosla

Eoin Ó Murchú

Tá tionchar chogadh na hIaráine ag brú go mór ar phócaí tomhaltóirí Éireannacha ar gach uile bhealach. Tá costas breosla mótair tar éis dul thar leibhéal €2 an lítear agus tá sé sroichte ag leibhéil nach bhfacthas ó 2022 i leith, nuair a thosaigh cogadh na hÚcráine.

Tá méadú 77% tagtha ar ola teasa tí in aon seachtain amháin, agus is féidir tuilleadh méaduithe a bheith ar an mbealach má leanann an cogadh ar aghaidh ar feadh seachtainí eile fós, agus na Stáit Aontaithe ag cur aon chaint faoi dheireadh luath a chur leis an gcoimhlint i leataobh.

Tá páirtithe an fhreasúra ag iarraidh ar an rialtas cúnamh airgid leordhóthanach a chur ar fáil don mhéadú breise a bhfuiltear ag súil leis ar chostais bhreosla, cosúil leis an gcúnamh a cuireadh ar fáil in 2022. Áitíonn siad gur éigeandáil náisiúnta é seo agus go bhfuil tacaíocht ag teastáil ó dhaoine, go háirithe daoine scothaosta, daoine breoite agus iad siúd go léir ar ioncam seasta íseal.

Ach tá drogall ar an rialtas gníomhú, agus iad ag tagairt d’ardchostas na dtacaíochtaí a tugadh roimhe seo, agus tá sé ar intinn acu fanacht lena fheiceáil conas a rachaidh an ghéarchéim reatha agus cén gníomh comhchoiteann, má bhíonn a leithéid ann, a dhéanfaidh an tAontas Eorpach.

Ach ní léir go bhfanfaidh an pobal féin ciúin agus iad ag tabhairt aghaidh ar thuilleadh méaduithe.

Tá comhlachtaí iompair ag iarraidh an cháin charbóin ar bhreosla a bhaint chun a gcostais a ísliú, agus iad ag áitiú a mbeidh orthu, gan í, a muirir a ardú go suntasach, rud a chuirfeadh borradh faoin mboilsciú sa gheilleagar i gcoitinne, a deir siad.

Agus, ar ndóigh, tá méadú eile ar cháin charbóin ar bhreosla tí le teacht i bhfeidhm i mí na Bealtaine. Tá Sinn Féin ag rá gur chóir an méadú seo ar a laghad a chur ar ceal, ach maíonn an rialtas go bhfuil an t-ardú clúdaithe ag reachtaíocht ó 2020 atá téite i bhfeidhm cheana.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris, go gcuireann na fáltais ón gcáin i dtreo tithe a fheabhsú agus cabhrú leo siúd atá i mbaol bochtanas breosla. Tuilleann an cháin charbóin níos mó ná €1 billiún in aghaidh na bliana san iomlán, agus tá sé ag teacht le huaillmhianta na gníomhaíochta aeráide. Is beag an seans go gcuirfidh an rialtas an méadú pleanáilte ar ceal.

Ach tá an rialtas faoi bhrú, toisc go bhfuil éileamh forleathan ann i measc an phobail go gcuirfí cúnamh ar fáil go háirithe dóibh siúd is measa as.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.